Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Treoir nóis imeachta maidir le Meastacháin sa choiste

Is é próiseas na Meastachán an modh atá ag Dáil Éireann chun ligean don Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe féachaint le cistí a aistarraingt as an Státchiste ar mhaithe le freastal ar an gcuid is mó d’oibleagáidí caiteachais an Rialtais.

Foráiltear le hAirteagail 28.4.4 agus 17.1.1 den Bhunreacht go gcuirfear Meastacháin os comhair Dháil Éireann agus go ndéanfaidh sí breithniú orthu.

Meastacháin sa choiste

Pléitear i mBuan-Ordú 215 de chuid na Dála le meastacháin a thíolacadh don Dáil agus a chur faoi bhráid coistí. Tá an teanga a úsáidtear i mBuan-Ordú 215 cosúil leis an teanga a úsáidtear in Airteagal 28.4.4 den Bhunreacht.

215. Meastacháin a Thíolacadh don Dáil agus a Chur faoi Bhráid Coistí

(1) Mura n-ordóidh an Dáil a mhalairt, déanfar na gnáth-Mheastacháin bhliantúla i gcomhair na Seirbhísí Poiblí a thíolacadh don Dáil agus a scaipeadh ar chomhaltaí le linn na tréimhse dar tosach seacht lá roimh lá an Bhuiséid (is é sin an lá a dhéanfar na gnáth-Rúin bhliantúla lena bhforchuirtear cánachas) agus dar críoch an chéad Chéadaoin i mí na Nollag roimh an mbliain lena mbaineann na Meastacháin: Ar choinníoll go bhféadfar Meastacháin fhorlíontacha nó bhreise, nach mbeidh sna gnáth-Mheastacháin bhliantúla, a thabhairt isteach, le cead ón Dáil, tar éis tairiscint a dhéanamh.

(2) Beidh Meastachán nó Meastacháin, lena n-áirítear Meastacháin fhorlíontacha agus bhreise, ar iad a thíolacadh don Dáil agus a scaipeadh ar chomhaltaí, arna tharchur/arna dtarchur chuig  an gCoiste nó na Coistí iomchuí lena bhreithniú/lena mbreithniú: Ar choinníoll, más rud é go dtosóidh an Dáil ar bhreithniú a dhéanamh ar aon tairiscint faoi Bhuan-Ordú 213 i leith an Mheastacháin nó na Meastachán sin, go mbeidh tarchur an Mheastacháin sin chuig an Roghchoiste sin ar ceal.

Tugtar éifeacht do thíolacadh agus do scaipeadh Meastacháin trí thairiscint faoi Bhuan-Ordú 215, fearacht an tsampla seo a leanas:

Tairgim:

Go ndéanfar Meastacháin Athbhreithnithe i gcomhair na Seirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 2023, a thíolacadh don Dáil agus a scaipeadh ar chomhaltaí, de bhun Bhuan-Orduithe 95(1)(a) agus 215.

Foilsítear an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe (REV), Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise agus Meastacháin Fhorlíontacha ar gov.ie agus leagann an Roinn atá freagrach as caiteachas poiblí i leabharlann an Oireachtais iad. Tá teacht ag an bpobal ar chatalóg na leabharlainne agus féadtar í
a chuardach ar líne.

Sainchúram, scóip agus cuspóir bhreithniú an Choiste ar Mheastacháin

Luaitear i mBuan-Ordú 95(3) de chuid na Dála:

Is é an príomhchuspóir a bheidh le Coiste do bhreithniú nithe a bhaineann le beartas, rialachas, caiteachas agus riarachán faoi mhír (1)—

(a) cuntasacht an Aire nó an Aire Stáit iomchuí, agus

(b) measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na Roinne Rialtais iomchuí nó comhlachta Stáit atá faoi chúram na Roinne iomchuí le linn seirbhísí poiblí a sholáthar agus na torthaí beartaithe á mbaint amach, lena n-áirítear luach ar airgead.

Ceanglaítear le Buan-Ordú 210 breithniú a dhéanamh ar Mheastacháin “i gcoiste”. Cleachtas atá ann le fada an lá go ndéantar iad a chur faoi bhráid an Roghchoiste earnála ábhartha. Léirítear an méid sin i mBuan-Orduithe 215(2) agus 215A. I gcás Meastacháin Athbhreithnithe, Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise agus Meastacháin Fhorlíontacha, téann an Roghchoiste ábhartha i dteagmháil leis na hAirí ábhartha trí éisteachtaí poiblí.

Nuair a bhíonn na héisteachtaí thart, cuireann na Coistí teachtaireacht chuig Dáil Éireann; is gnách go gceadaíonn an Dáil na Meastacháin gan díospóireacht. Ní féidir le Coistí Meastacháin a leasú. Níl aon fheidhm fhoirmiúil acu maidir lena gceadú ach oiread. Foráiltear le Buan-Ordú 215A, áfach, go bhféadfaidh Coistí tuarascáil a thabhairt don Dáil i leith a mbreithnithe ar Mheastacháin.

Cineálacha Meastachán, amlínte agus ról na gcoistí

Is ann do cheithre phríomhchatagóir Meastachán:

  1. Na Meastacháin (Ghiorraithe) nó an caiteachas beartaithe don bhliain dár gcionn.
  2. Na Meastacháin Athbhreithnithe, nó an caiteachas beartaithe “deiridh” athbhreithnithe don bhliain dár gcionn.
  3. Na Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise, i gcás go ndéantar an Meastachán Athbhreithnithe bunaidh a tharraingt siar agus nach ritheann an Dáil é, nó má aistrítear feidhmeanna Roinne amháin go Roinn eile.
  4. Na Meastacháin Fhorlíontacha, a phléann le caiteachas breise a theastaíonn don bhliain reatha.

Na Meastacháin (Ghiorraithe) | Lár mhí Dheireadh Fómhair, nó lá an Bhuiséid nó roimhe

An bhfuil ról ann do na Coistí?

Níl.

Is é atá sna Meastacháin Ghiorraithe i gcomhair Seirbhísí Poiblí, an caiteachas beartaithe don bhliain dár gcionn agus foilsítear iad mar chuid den Tuarascáil Chaiteachais (doiciméid Bhuiséid). Ní bhaineann na sonraí a chuirtear ar fáil le haghaidh na Vótaí ach le céim an chláir amháin agus bíonn éagsúlacht le sonrú iontu (sin an fáth a ndeirtear “Giorraithe”).

Mar sin féin, féadfaidh Coistí earnála aighneachtaí i scríbhinn a iarraidh ar an bpobal, ar gheallsealbhóirí agus ar pháirtithe leasmhara. Chomh maith leis sin, féadfaidh siad coinní réamh-Bhuiséid a eagrú le páirtithe leasmhara maidir le ceisteanna beartais atá faoina gcúram.

Féadfaidh an Roghchoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid coinní iar-Bhuiséid a shocrú freisin agus tuairimí agus moltaí a thabhairt maidir le próiseas agus pacáiste an bhuiséid.

Na Meastacháin Athbhreithnithe | Lár Mhí na Nollag agus Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise | Eanáir/Feabhra

An bhfuil ról ann do na Coistí?

.

Tugann an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe i gcomhair na Seirbhísí Poiblí (REV) i bhfad níos mó sonraí ag céim na bhfo-mhírcheann, chomh maith le méadracht feidhmíochta.

Is iad na Meastacháin Athbhreithnithe, nó an caiteachas beartaithe “deiridh” athbhreithnithe don bhliain dár gcionn, a chuireann bonn leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach ar an gcaiteachas a leithdháileadh.

Leagann an Dáil gach Meastachán Athbhreithnithe faoi bhráid an roghchoiste earnála iomchuí lena bhreithniú. Ina dhiaidh sin, tugann an coiste tuarascáil ar a bhreithniú críochnaithe don Dáil. Chomh luath agus a bheidh a mbreithniú curtha i gcrích ag gach coiste earnála, ní mór don Dáil gach uile Mheastachán a rith ionas go bhféadfar an méid iomlán a thabhairt amach as an Státchiste agus a úsáid le haghaidh na seirbhísí a mholtar, mura n-ordóidh an Dáil a mhalairt.

An tréimhse bhreithnithe 60 lá agus síntí a lorg

De réir Bhuan-Ordú 215A(1) de chuid na Dála, ní mór don choiste a bhreithniú a chríochnú taobh istigh de 60 lá tar éis an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe a thíolacadh don Dáil agus a scaipeadh ar chomhaltaí. I gcomhréir le Buan-Ordú 215A(2) de chuid na Dála, caithfear aon tuarascáil ar an mbreithniú sin a dhéanamh taobh istigh de thréimhse bhreise 14 lá. Tá sé sin mar bhreis ar an tuarascáil chaighdeánach, nó an “teachtaireacht”, a chuirtear chuig an Dáil faoi Bhuan-Ordú 101 de chuid na Dála á rá go bhfuil an roghchoiste i ndiaidh a bhreithnithe ar na Vótaí ar leith a chríochnú.

Ba chóir go dtabharfaí aird ar na sonraí seo a leanas i dtaca leis an tréimhse bhreithnithe 60 lá i gcomhair Meastachán:

  • Ní mór don choiste a bhreithniú ar Mheastacháin Athbhreithnithe/ar Mheastacháin Athbhreithnithe Bhreise a chríochnú taobh istigh den tréimhse bhreithnithe (60 lá) de réir mar a leagtar amach sna Buan-Orduithe. Tá feidhm ag an tréimhse sin maidir leis na Meastacháin Athbhreithnithe bhunaidh agus na Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise araon.
  • Mura mbíonn an coiste ábalta Meastachán Athbhreithnithe nó Meastachán Athbhreithnithe Breise a leagtar faoina bhráid a bhreithniú taobh istigh den 60 lá a leagtar síos sna Buan-Orduithe, caithfidh an Dáil tairiscint a chomhaontú ar mhaithe le síneadh a chur le tréimhse bhreithnithe na Meastachán Athbhreithnithe.

Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise

Gabhann Meastachán Athbhreithnithe Breise in ionad an Mheastacháin Athbhreithnithe don  Vóta céanna. Cuirtear Meastachán Athbhreithnithe Breise in ionad Meastachán Athbhreithnithe chomh luath agus a bhíonn an Meastachán Athbhreithnithe Breise breithnithe ag an gcoiste, tugtha ar ais don Dáil lena vótáil, agus ceadaithe. Tig le coiste breithniú a dhéanamh ar an Meastachán Athbhreithnithe bunaidh, agus ar an Meastachán Athbhreithnithe Breise a thagann ina ionad ar deireadh, i leith an Vóta céanna ach ní gá dó é sin a dhéanamh.

Má bhíonn a fhios ag cléireach coiste go bhfuil Meastachán Athbhreithnithe Breise ar na bacáin, beidh feidhm fós ag an spriocdháta 60 lá maidir leis an Meastachán Athbhreithnithe bunaidh ó dháta a fhoilsithe go dtí go dtarraingeofar siar é nó go dtí go gcuirfear Meastachán eile ina ionad. Dá thairbhe sin, b’fhéidir go mbeadh ar an gcoiste síneadh ama a lorg, is cuma an bhfuil sé beartaithe aige an Meastachán Athbhreithnithe bunaidh a bhreithniú nó nach bhfuil.

Meastacháin Fhorlíontacha | Mí na Samhna go hiondúil

An bhfuil ról ann do na Coistí?

.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Rialtas airgead breise (nó forlíontach) a iarraidh ar an Dáil le linn na bliana. Is airgead é seo atá sa bhreis ar an méid a fhoráiltear sa Mheastachán ceadaithe don bhliain sin. Déantar foráil sna Meastacháin Fhorlíontacha don nós imeachta le haghaidh iarratas den sórt sin. Is iondúil go dtagann siad sin chun cinn níos moille sa bhliain. Bíonn ceadú na Dála ag teastáil lena n-aghaidh, díreach mar a bhíonn sé ag teastáil faoi choinne na Meastachán Athbhreithnithe.

Is ann do dhá shórt Meastachán Forlíontach:

  • ▪ Mór (airgead breise); agus
  • Beag nó teicniúil (coigeartuithe teicniúla).

Lena chois sin, d’fhéadfadh meascán den dá chineál sin a bheith san áireamh i Meastacháin Fhorlíontacha.

Is iondúil go leagtar Meastacháin Fhorlíontacha faoi bhráid roghchoistí earnála. Murab ionann agus na Meastacháin Athbhreithnithe, is gnách go socraíonn an Príomh-Aoire spriocdháta lena gcur ar ais chun go bhféadfar vóta Dála a chur ar siúl ar mhaithe le hachtú an Bhille Leithreasa bhliantúil a éascú faoin 31 Nollaig.

De réir Bhuan-Ordú 216 de chuid na Dála:

Nuair a bheidh Meastachán forlíontach á phlé, cloífear sa díospóireacht le  Míreanna an Mheastacháin, agus ní fhéadfar aon díospóireacht a dhéanamh ar an Meastachán bunaidh, ach amháin sa mhéid gur gá é chun na Míreanna áirithe a bheidh faoi dhíospóireacht a mhíniú nó a léiriú.

Leis an
Acht Leithreasa (an reachtaíocht ‘achoimre’), ceadaíonn an tOireachtas an caiteachas ar fad don bhliain reatha. Ní mór an Bille sin a achtú faoin 31 Nollaig gach bliain. Tugtar údarú dlíthiúil ann don uile chaiteachas sa bhliain sin aníos go dtí an 31 Nollaig. Áireofar leis sin gach Meastachán Athbhreithnithe, Meastachán Athbhreithnithe Breise agus Meastachán Forlíontach a chomhaontóidh an Dáil.

Iniúchann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais leithreasa (Vótaí) don bhliain airgeadais roimhe sin, sa tríú ráithe de ghnáth. Cuirtear na cuntais iniúchta ar shuíomh gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus leagtar faoi bhráid na Dála iad.

 

Próiseas na Meastachán go mion

Tíolacadh

Déanann Aire Meastacháin Athbhreithnithe agus Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise a thíolacadh don Dáil trí thairiscint nach mór don Dáil a chomhaontú. Ina dhiaidh sin, cuirtear agus aontaítear an cheist trí vóta ó bhéal, gan aon vótáil fhoirmiúil go hiondúil. Mar sin féin, féadfaidh Comhalta ar bith vóta a ghlaoch ar aon cheist a bhíonn os comhair na Dála.

I gcás Meastacháin Bhreise nó Meastacháin Fhorlíontacha, faoi Bhuan-Ordú 215(1) de chuid na Dála, ní mór d’Aire “cead a iarraidh chun an Meastachán a thabhairt isteach” trí thairiscint. Ina dhiaidh sin, cuirtear agus aontaítear an cheist trí vóta ó bhéal, gan aon vótáil fhoirmiúil go hiondúil.

Tarchur chuig Coiste

Bíonn Meastacháin Athbhreithnithe “arna dtarchur” go huathoibríoch chuig an roghchoiste ábhartha faoi Bhuan-Ordú 215(2) de chuid na Dála, a luaithe a chomhaontaíonn an Dáil leis an tairiscint chun iad a thíolacadh. I gcás Meastachán Forlíontach, bíonn sé arna tharchur a luaithe a chomhaontaíonn an Dáil leis an tairiscint maidir le cead chun an Meastachán a thabhairt isteach.

Chomh luath agus a chomhaontaítear na tairiscintí, déanann Oifig na nImeachtaí ordú an Tí, nó tíolacadh na Meastachán nó deonú an cheada chun Meastachán a thabhairt isteach, a chur in iúl ionas go mbeadh a fhios ag an roghchoiste gur tíolacadh nó gur tugadh isteach an Meastachán agus go bhfuil sé arna tharchur anois.

Níl gá ar bith le tairiscint ar leith do tharchur chuig coistí.

Féadfaidh oifigigh na Roinne nó aonad comhordaithe rúnaíocht na gcoistí roghchoistí a chur ar an eolas go bhfuil Meastachán Athbhreithnithe Breise le foilsiú agus le tarchur maidir le Vóta amháin nó níos mó. Is gnách go dtarlaíonn a leithéid le linn thréimhse bhreithnithe na Meastachán Athbhreithnithe, atá laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe na Meastachán Athbhreithnithe.

I gcás gur foilsíodh Meastachán Athbhreithnithe Breise agus gur cuireadh faoi bhráid an roghchoiste é, gabhann sé in ionad an Mheastacháin Athbhreithnithe. Ba chóir don roghchoiste an Meastachán Athbhreithnithe Breise a bhreithniú agus tuairisc a thabhairt air i leith an Vóta sin.

Breithniú an Choiste

Mura n-ordaítear a mhalairt, breithníonn an Roghchoiste iomchuí an Meastachán faoi Bhuan-Ordú 215A:

215A. Breithniú na gCoistí ar Mheastacháin: Tuarascáil an Choiste ar Mheastachán

(1) Faoi réir Bhuan-Ordú 215(2) agus mura n-ordóidh an Dáil a mhalairt, críochnóidh Coistí a mbreithniú ar Mheastacháin a cuireadh faoina mbráid de bhun an Bhuan-Ordaithe sin tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis na Meastacháin sin a leagan faoina mbráid amhlaidh.
(2) Aon tuarascáil a bheartóidh Coiste a thabhairt de dhroim a bhreithnithe ar Mheastachán, déanfar í laistigh de thréimhse bhreise 14 lá. 

Níor mhór go gcríochnófaí breithniú an choiste, agus ba cheart go sceidealófaí agus go dtionólfaí aon chruinnithe poiblí leis na hAirí cuí, laistigh de 60 lá tar éis an Meastachán Athbhreithnithe nó an Meastachán Athbhreithnithe Breise a thíolacadh don Dáil agus a scaipeadh ar chomhaltaí.

Seoladh ar ais chuig an Dáil agus tuarascáil maidir le breithniú an Choiste

Seolann roghchoistí Meastacháin (Athbhreithnithe, Bhreise agus Fhorlíontacha) ar ais chuig an Dáil trí theachtaireacht a fhaigheann Cléireach na Dála agus a fhógraíonn an Ceann Comhairle nó an Leas-Cheann Comhairle sa Dáil, fearacht na samplaí seo a leanas:

Meastachán Athbhreithnithe

Tá an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach tar éis a bhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023 a chríochnú: Vótaí 11, 12, 14, 15, 17 go 19, go huile, 39 agus 43.

Tá an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach tar éis a bhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023 a chríochnú: Vótaí 11, 12, 14, 15, 17 go 19, go huile, 39 agus 43.

Meastachán Athbhreithnithe agus Meastachán Athbhreithnithe Breise

Tá an Roghchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Athbhreithnithe seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023 a chríochnú: Vóta 37, agus an Meastachán Athbhreithnithe Breise seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023: Vóta 42.

Tá an Roghchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Athbhreithnithe seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023 a chríochnú: Vóta 37, agus an Meastachán Athbhreithnithe Breise seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023: Vóta 42.

Meastachán Athbhreithnithe Breise

Tá an Roghchoiste um Fhiontair, Trádáil agus Fostaíocht tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Athbhreithnithe Breise seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2020 a chríochnú: Vóta 32.

Tá an Roghchoiste um Fhiontair, Trádáil agus Fostaíocht tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Athbhreithnithe Breise seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2020 a chríochnú: Vóta 32.

Meastachán Forlíontach

Tá an Roghchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Forlíontach seo a leanas i gcomhair Seirbhísí Poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2021 a chríochnú: Vóta 34.

Tá an Roghchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Forlíontach seo a leanas i gcomhair Seirbhísí Poiblí le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2021 a chríochnú: Vóta 34.

Ón uair a chuirtear ar ais é, breithníonn an Dáil gach Meastachán as féin ar thairiscint nach mór d’Aire a dhéanamh. Is annamh a théann an Dáil i mbun díospóireachta faoi Mheastacháin i ndáiríre, toisc go mbíonn mionbhreithniú déanta orthu cheana féin ag an Roghchoiste iomchuí.

Is é an gnáthchleachtas sa Dáil, dornán tairiscintí Meastacháin a ghlacadh ag an am céanna gan aon díospóireacht agus iad a chomhaontú le ceist amháin má ordaítear iad “a dhéanamh le chéile agus a chinneadh gan aon díospóireacht le ceist amháin”. Is annamh a dhéantar vótálacha ar Mheastacháin fosta; is gnách go gcomhaontaítear Meastacháin gan vóta, ach féadfaidh Comhalta ar bith vóta a ghlaoch ar aon cheist a bhíonn os comhair na Dála.

A luaithe a ritheann an Dáil é, is féidir méid iomlán an Mheastacháin a thabhairt amach as an Státchiste agus a úsáid le haghaidh na seirbhísí a mholtar, i gcomhréir leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965, arna leasú.

Mar aon leis an teachtaireacht chun na Dála, féadfaidh roghchoiste tuarascáil a thabhairt ar a bhreithniú ar Mheastacháin. Beidh teideal na tuarascála ag brath ar na Meastacháin a leagfar faoi bhráid an choiste agus a ndéanfaidh an coiste breithniú orthu.

D’fhéadfadh trí chás ar leith a bheith ann:

A. I gcás nár tarchuireadh aon Mheastacháin Athbhreithnithe Bhreise agus nach mbreithníonn an coiste ach Meastacháin Athbhreithnithe, is é an teideal a bheidh uirthi:

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (2023) de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (2023) de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

B. Má bhreithníonn Coiste Meastacháin Athbhreithnithe (mar shampla Vótaí 1, 2, 3) agus Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise (mar shampla Vótaí 5, 6, 7) a leagtar faoina mbráid, is é an teideal a bheidh uirthi:

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (2023) agus ar Mheastacháin Athbhreithnithe Bhreise de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe (2023) agus ar Mheastacháin Athbhreithnithe Bhreise de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

C. Mura mbreithníonn Coiste ach Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise a leagtar faoina mbráid, is é an teideal a bheidh uirthi:

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe Breise de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

Tuarascáil maidir le Breithniú ar Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe Breise de bhun Bhuan-Ordú 215A(2)

Féadfar an tuarascáil sin a leagan faoi bhráid na Dála faoi Bhuan-Ordú 100 agus a chur chuig an Aire iomchuí le freagairt a fháil uaidh/uaithi ina leith.

Gnéithe eile nóis imeachta

Leabhrán na Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí (An Leabhar Gorm)

Is gnách go dtagann Meastacháin Fhorlíontacha chun cinn i mí na Samhna nó i mí na Nollag gach bliain. De réir leathanaigh 70 agus 71 an leabhráin sin:

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Rialtas airgead a iarraidh ar an Dáil le linn na bliana. Airgead é seo atá sa bhreis ar an méid a cuireadh ar fáil sna Meastacháin Vótáilte. Féadtar é seo a dhéanamh trí Mheastachán Forlíontach, ar féidir é a úsáid chun ceadú na Dála a chinntiú d’aon cheann díobh seo a leanas:

(a) airgead breise a sholáthar le haghaidh seirbhís atá ann cheana;

(b) airgead breise a sholáthar chun aon easnamh i leithreasaí i gcabhair a chlúdach;

(c) airgead a sholáthar le haghaidh seirbhís nua;

(d) seirbhís nua a thabhairt isteach cé nach bhfuil aon airgead breise ag teastáil (dá rithfí Meastachán Forlíontach, d’fhéadfaí caiteachas a sholáthar le haghaidh seirbhís nua sula rithfí an príomh-Mheastachán);

(e) airgead a aistriú ó sheirbhís ar leith amháin go ceann eile laistigh de Vóta i gcás nach féidir é sin a dhéanamh trí vírmint (féach Roinn C2.6);

(f) úsáid a bhaint as barrachas leithreasaí i gcabhair chun caiteachas breise a mhaoiniú.

Barr
Roinn