Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrann an Coiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige aighneachtaí maidir le Dul i nGleic le Otracht Óige.

Achoimre

Tá an comhairliúchán poiblí anois dúnta.

Iarrann an Comhchoiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige aighneachtaí i scríbhinn maidir le dul i ngleic le hotracht óige ó ghrúpaí nó ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu san ábhar.

Cur síos ar an gcomhairliúchán

Breithneoidh an Coiste aon aighneachtaí oiriúnacha i scríbhinn a fhaightear agus féadfaidh sé cinneadh cuireadh a thabhairt do roinnt rannpháirtithe chuig éisteachtaí poiblí, má mheastar gur gá é sin a dhéanamh.

Spriocdháta

Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil 12 meán lae, Dé hAoine, 11 Bealtaine 2018.

Conas d'aighneacht a chur isteach

Seol doiciméad leictreonach (PDF/MS Word nó a chomhionann) i ríomhphost chuig childhoodobesity@oireachtas.ie..

Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d'aighneacht a sheoladh isteach.

Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóip de gach aighneacht.

A bhfuil le cur san áireamh i d'aighneacht

Ba chóir go mbeadh an doiciméad aighneachta san aighneacht mar aon le litir chumhdaigh ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas an Choiste d'aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála.

Bíodh an méid seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
  • d'ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
  • má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
  • achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
  • cuir in iúl cé acu atá tú sásta a bheith i láthair i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Bíodh an méid seo a leanas sa doiciméad aighneachta:
  • réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
  • aon fhaisnéis fhíorasach atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d'fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
  • naisc chuig aon fhoilseacháin a dtagraíonn tú dóibh; ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
  • aon mholtaí don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
  • má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad, achoimre feidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht

Ná dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh.

Leideanna maidir le d'aighneacht a scríobh

Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.

Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin freisin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.

Cuimhnigh ar uimhreacha a chur ar na leathanaigh.

Más mian leat treoir níos mionsonraithe a fháil maidir le d'aighneacht a scríobh, téigh i dteagmháil leis an gCléireach don Choiste, Emer Crooke.

Faisnéis thábhachtach

Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le nithe atá lasmuigh dá shainchúram.

Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le cásanna aonair.

Féadfar nach nglacfar le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.

Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine nach dtugann a n-ainm agus diúltófar dóibh.

Ní ghlacfar le hachainíocha agus litreacha ginearálta ná ní fhoilseofar iad.

Féadfar aighneachtaí a dhéanfar chuig Coiste a fhoilsiú mar a fhaightear iad, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.

Níl sé de dhualgas ar an gCoiste glacadh le do dhoiciméad nuair a chuirtear isteach é, agus níl sé de dhualgas air aon chuid den aighneacht, nó an aighneacht go léir, a fhoilsiú má ghlactar léi. Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte, áfach, agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d'aitheantas san áireamh, a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.

Teagmháil:

Cléireach don Choiste:

Alan Guidon

(01) 618 3848

children@oireachtas.ie

Suíomh gréasáin

An Coiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige

Déan teagmháil le

Treoirnóta:

Príobháideachas

Barr
Roinn