Déarfaidh mé féin í.
Táim anseo chun labhairt leis an gcoiste ar obair Fulbright agus cur chun cinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.
Bhunaigh an Seanadóir J. William Fulbright an clár sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1946 agus tugadh go hÉirinn é sa bhliain 1957. Is clár malartú cultúrtha agus oideachasúil atá i gceist leis seo agus bunaíodh in Éirinn é mar chomhaontú idir rialtais na Stát Aontaithe agus na tíre seo. Ó 2006 ar aghaidh, táimid ag seoladh suas go dtí naonúr chun an Ghaeilge a theagasc sna Stáit Aontaithe agus b'shin ceann de na fáthanna a bhfuil mé anseo inniu. Seolaimid FLTAanna nó foreign language teaching assistants ar fud na Stát Aontaithe ag teagasc na Gaeilge. I mbliana tá FLTAanna againne ag múineadh na teanga in ollscoileanna ó Montana go dtí Nua Eabhrac. Éiríonn go hiontach leis an gCoimisiún Fulbright pro rata toisc go mbíonn deis againn suas go dtí naonúr a sheoladh ag múineadh na teanga thall. Seolann Coimisiún Fulbright na hIodáile suas go dtí cúigear ag múineadh na hIodáilise ar fud na Stát Aontaithe go bliantúil.
Rud eisceachtúil eile a dhéanann ár FLTAanna ná go dtacaíonn siad le grúpaí Gaeilge ar an talamh. Nuair a eagraíonn grúpa deonach de chuid Conradh na Gaeilge nó Dhaltaí na Gaeilge immersion weekend nó deireadh seachtaine tumoideachais ar an talamh in áit ar nós Kansas nó cibé áit, déanaimid iarracht FLTA a chur ann chun tacú leo chun an Ghaeilge a mhúineadh ar an deireadh seachtaine sin. Tugtar leis seo deis don FLTA áit sa bhreis sna Stáit Aontaithe a fheiceáil, agus dar ndóigh is áis agus an-chúnamh do na grúpaí Gaeilge ar an talamh é sin. Tá cineál ciorcail i gceist, mar déanann cuid de na mic léinn a bhíonn sna ranganna sna hollscoileanna ag na FLTAanna freastal ar na deirí seachtaine tumoideachais seo. Bronntar summer Gaeltacht award orthu chun teacht chun na Gaeltachtaí in Éirinn, agus roghnaíonn siad cibé Gaeltacht gur mian leo chun barr feabhais a chur ar a gcuid Ghaeilge. Chuile bhliain tagann suas go dtí seachtar chun na Gaeltachta in Éirinn tríd an scoláireacht seo.
Go dtí seo, chuile rud a rinne mé trácht air sna Summer Gaeltacht Awards, na FLTAanna agus na deiridh seachtaine tumoideachais, is le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugaimid fúthu seo agus táimid iontach buíoch den Roinn. Murach iad, ní bheadh an clár FLTA chomh fairsing sin, agus gach seans nach mbeimis in ann na cláir eile a chur i bhfeidhm. Dar ndóigh, táimid luaite sa phlean straitéis 20 bliain don Ghaeilge tríd an bplean gníomhaíochta dá cuid.
Aníos ar na rudaí atá luaite agam, eagróimid ócáidí chun an Ghaeilge a chur cinn ar shlí níos ginearálta. Mar shampla, i mbliana, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, d'eagraíomar ócáid i dTeach an Ardmhéara faoi Bhliain na Gaeilge sna Stáit Aontaithe. I measc na gcainteoirí a bhí linn ar an oíche labhair Reece Smyth, Chargé d'Affaires Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn, mar gheall ar a thaithí ag foghlaim na Gaeilge anseo in Éirinn mar Mheiriceánach. I measc na gcainteoirí eile a bhí linn ar an oíche bhí an Dr. Máiread Nic Giolla Mhichíl agus an Dr. Teresa Lynn. Thug an Dr. Nic Giolla Mhichíl faoi Fulbright TechImpact i Notre Dame. Mar thoradh ar a cuid taighde le linn an scoláireacht Fulbright sin, d'fhill sí ar an tír seo agus tá sí tar éis an chéad chúrsa Gaeilge ar líne, Irish 101, a sheoladh. Rinne an Dr. Teresa Lynn a gradam Fulbright-Enterprise Ireland in Ollscoil Saint Louis i Missouri, áit ina dhearna sí taighde ar an nGaeilge maidir leis na meáin shóisialta. Mar seo, is léir nach stopann baint Fulbright leis an nGaeilge leis na gradaim Ghaeilge faoi leith. Is féidir dul ar ghnáthscoláireacht Fulbright agus tabhairt faoi thaighde sa Ghaeilge. Mar shampla, rinne mé féin máistreacht sa Ghaeilge in UCD. Bhí duine ar scoláireacht Fulbright i mo rang, Lisa Sladen, ag tabhairt faoi mháistreacht sa Ghaeilge.
Rud eile a dhéanaimid le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go ndáileann muid an maoiniú a fhaighimid ón Roinn le suas le sé institiúid tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe chun an Ghaeilge a theagasc. Iarraimid ar an gcoiste tacaíocht a thabhairt dúinn ionas go féidir linn tuilleadh maoinithe a chur ar fáil ionas go bhféadfaimis cabhradh le tuilleadh áiteanna sna Stáit Aontaithe an Ghaeilge a theagasc. Molaimid go gcuirfimis straitéis le chéile ionas gur féidir linn, mar thúsphointe, méid áirithe beag airgid a thabhairt do na hinstitiúidí nua seo chun cabhradh leo agus ionas go mbeadh tionchar níos mó ag, agus go bhfaighimis níos mó as, an chuid mhaoinithe a chuirfimis ar fáil dóibh.
Faoi láthair múintear an Ghaeilge i suas le 60 institiúid tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe agus Ceanada. Tá an-éileamh ann. Sampla eile den éileamh atá ann maidir leis an nGaeilge sna Stáit Aontaithe ná alumnus eile dár gcuid, Oisín Ó Doinn. Chuaigh sé go hollscoil i Minnesota mar foreign language teaching assistant, FLTA, ag teagasc na Gaeilge. D'fhill sé ar an tír seo agus ba dhuine de na daoine a d'aistrigh Duolingo é. Mar sin, is léir go gcuireann ár alumni go mór mór leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe agus le cur chun cinn na Gaeilge.
Tuigim go bhfuil mo chuid ama ag rith amach. Mar sin, fágfaidh mé an coiste le pointe amháin. Déanaimid an-chuid comhoibrithe le grúpaí eile, mar shampla, ritheamar an Cultúr Club in éineacht le Conradh na Gaeilge. Leis an tionscnamh seo, d'éascaíomar ocht gceardlann sna Stáit Aontaithe ó Pittsburgh go Knoxville. Thógamar pobal sa cheardlanna seo. Thacaíomar leis na grúpaí eile sna Stáit Aontaithe agus chuireamar áiseanna nua ar fáil dóibh chun an Gaeilge a theagasc. Chomhoibríomar le Conradh na Gaeilge agus na grúpaí eile chun an feachtas Trasna na dTonnta a bhunú. B'shin feachtas a bhunaíomar arú anuraidh chun cíbear-Ghaeltacht a chruthú ar líne. Cé nár bunaíodh é go dtí arú anuraidh, tá sé ar cheann de na haischlibeanna Gaeilge is mó úsáidte riamh ar Twitter. Ghlac daoine ó 80 tír agus 27 stáit éagsúla de chuid na Stát Aontaithe páirt ann.
Chun críoch a chur le mo chuid cainte, thar ceann an choimisiúin ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí dea-chaidreamh againn léi i gcónaí. Is í a thacaigh agus a thug an maoiniú dúinn agus don Chonradh i leith an Chultúr Club, in éineacht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht a bheith linn inniu agus le Eugene Ó Cruadhlaíoch agus an Cathaoirleach, an Teachta Connolly, as ucht cuireadh a thabhairt dúinn bheith os comhair an choiste inniu.