Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Feb 1947

Vol. 104 No. 10

Committee on Finance. - Vote 47—Secondary Education.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim breise nach mó ná £65,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1947, chun Meán-Oideachais, lena n-áirítear Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceanntsraithe, Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meán-Scoile agus Deontas do Chiste Pinsin na Meán-Mhúinteoirí.

That a supplementary sum not exceeding £65,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1947, for Secondary Education, including the Teachers' Salaries Grant, Capitation Grant, Incremental Salary to Secondary School Teachers and Grant to the Secondary Teachers' Pension Fund.

Tá gá leis an Meastachán seo chun costas an Fheabhsúcháin tuarastail do mheán-mhúinteoirí a íoc ón gcéad lá de Mheán Fomhair seo caite do réir na scéime a tugadh isteach chuige sin. Siad na scoileanna ina bhfuil na múinteoirí ag obair a íocann an buntuarastal agus sé an Stát a íocann na páigh-bhreiseanna bliantúla ar a dtugtar "Tuarastal Páigh-bhreise" de ghnáth. Níl aon athrú curtha ar an mbun-tuarastal £200 d'fhear agus £180 do mhnaoi. Tá na páigh-bhreiseanna feabhsuithe mar leanas: in ionad an scála páigh-bhreise a bhí ag na fearaibh, ocht geinn déag de pháigh-bhreiseanna go dtí £210 de mhaximum, tá scála ar leith ann anois d'fhearaibh pósta agus d'fhearaibh singile. Beidh scála naoi gceann déag de pháigh-bhreiseanna go dtí £410 de mhaximum ag fearaibh pósta agus scála ocht gceann déag de pháigh-bhreiseanna go dtí £290 de mhaximum ag fearaibh singile. In ionad an scála a bhíodh ag na mná, dhá cheann déag de pháigh-bhreiseanna, £10 an ceann, go dtí £120 de mhaximum beidh scála d'ocht gcinn déag de pháigh-bhreiseanna go dtí £260 de mhaximum.

I dteannta na scálaí sin, gheobhaidh múinteoirí a bhfuil céim onórach acu £40 mar pháigh-bhreis. Coinnítí siar leath na páigh-bhreise sin go dtí go mbíodh maximum an scála sroiste ag an múinteoir, íoctar anois í ó thosach an scála nó ón am a bhaineann an múinteoir an chéim onórach amach. Tá roinnt athrú déanta leis maidir leis an bpáigh-bhreis a gheibheadh múinteoirí ar son teagaisc trí Ghaeilge, agus beidh £36 in ionad £30 iníoctha mar pháigh-bhreis maximum.

Tá socrú déanta leis chun liúntais chúnta le haghaidh cíosa a íoc le dreamanna áirithe de mhúinteoirí atá ag fáil tuarastail pháigh-bhreise, viz.:—fir phósta agus baintreacha a bhfuil páiste nó breis ag brath orthu. Athraíonn an liúntas ó £40 i gCathair Atha Cliath go dtí £10 sna ceantair tuaithe agus sna bailte beaga.

Baineann na feabhsuithe sin go léir le múinteoirí atá cáilithe chun tuarastal páigh-bhreise d'fháil. Chun bheith cáilithe chuige sin roimhe seo, chaitheadh na múinteoirí bheith ar an lánchlár, sé sin le rá go gcaithidís taithí múinteoireachta trí mblian a bheith acu. Tá an coinníoll san athraithe agus is féidir tuarastal páigh-bhreise a íoc anois le múinteoirí atá iontofa ar gach slí eile ach múinteoireacht aon bhliana amháin a bheith déanta acu chun go mbeidís inchláruithe go sealadach. Míle naoi gcéad múinteoirí atá ag fáil tuarastal páigh-bhreise faoi láthair.

Soláthróidh an Meastachán seo tuairim is trian de chostas de chostas bliantúil na bhfeabhsuithe atá mínithe agam.

Vote put and agreed to.
Barr
Roinn