Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Dec 1953

Vol. 143 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Muintir Kenya agus an Bhreatain.

D'fhiafraigh an

den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil bealach ar bith a bhféadfadh muide, mar dhream a shínigh an Coinbhinsiún um Chearta an Duine in éineacht leis an mBreatain Mhór, cur in aghaidh na ngníomhartha atá fórsaí na Breataine a dhéanamh ar mhuintir Kenya ina dtír dhúchais féin do réir tuairisce; an bhféadfaí casaoid a dhéanamh ag cruinniú de Chomhairle na hEorpa nó in áit ar bith eile faoin scéal.

asked the Minister for External Affairs if, having regard to recent reports concerning the treatment of natives of Kenya by British military, he will consider making representations on humanitarian grounds to the British Government on the subject.

Tá fúm le do chead, a Cheann Comhairle, ceisteanna uimhir 39 agus 40 a thógaint le céile.

Is oth liom a rá nach bhfeicim aon bheart d'fhéadfaimís a dhéanamh a mbéadh éifeacht leis chun cosc a chur leis an ansmacht géar atá á imirt ar dhaoine san iomad áit ar fud an domhain. Ní fhéadfadh aon amhras a bheith ar dhuine ar bith, áfach, go bhfuil comhbháidh phobal na hÉireann leo siúd atá ag fulang anró.

Mhúscail na tuairiscí áirithe atá i gceist ag na Teachtaí truaighe go for-leathan sa tír seo agus, tá áthas orm a rá, sa Bhreatain Mhóir freisin, do na daoine a tugadh droch-íde orthu.

Tá faitíos orm, in áit cabhrú leo, gur mó a bhéadh na bearta a mholas na Teachtaí in a mbacainn ar na gluaiseachtaí chun an géarleanúint a chosc agus chun an bealach a réiteach le saoirse a thabhairt do phobail neamhshaora ar chaoi a chuirfeas ar a gcumas iad féin a rialú gan deachtóireacht ón taoibh amuigh ná ón taoigh istig a bheith ag bagairt orthu.

Barr
Roinn