Robert Molloy
Ceist:125 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén ról atá ag a Roinn i gcur chun cinn tionscail turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12779/97]
Vol. 479 No. 2
125 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén ról atá ag a Roinn i gcur chun cinn tionscail turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12779/97]
Tá ról teoranta ag Údarás na Gaeltachta, comhlacht Stáit faoi scáth mo Roinne, i dtaca le forbairt thionscal na turasóireachta cultúrtha, teanga agus oidhreachta sa Ghaeltacht.
Ar ndóigh, cabhraíonn scéimeanna áirithe de chuid mo Roinne-se go díreach nó go hindíreach leis an turasóireacht sa Ghaeltacht — mar shampla Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge nó an Scéim Dreasachtai Forbartha Cultúrtha. Chomh maith leis sin, tá suíomhanna agus ionaid áirithe sa Ghaeltacht, atá faoi chúram Seirbhís Oidhreachta mo Roinne, a mbíonn tarraingt mhór ag turasóirí orthu — mar shampla, Dún Aonghusa, Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid Mhór agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe.