Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge íocann mo Roinnse £4 in aghaidh an lae i leith gach foghlaimeora aitheanta a bhíonn ar iostas i dteach aitheanta Gaeltachta. I 1995 rinneadh méadú substaintiúil ar an deontas ó £3.50 go dtí £4 in aghaidh an lae — an céad méadú ó 1990 — agus níl sé i gceist ardú eile a dhéanamh i mbliana.
Ní miste a rá nach bhfuil sa chúnamh a íocann mo Roinn féin ach cuid den ioncam a bhíonn ag na teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas leo le linn dóibh a bheith ag freastal ar Choláistí Gaeilge. Déanann lucht riartha na gColáistí íocaíocht leis na teaghlaigh chomh maith — as na táillí a íocann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí leo.