Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Written Answers. - Forbairt Na nOileáin.

Robert Molloy

Ceist:

34 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cén dul chun cinn atá déanta faoi na moltaí atá i dtuarascáil An Choiste Chomhordaithigh Idir-Rannach um Fhorbairt na nOileán a thagann faoi chúram a Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12710/97]

Níl aon mholadh i dTuarascáil an Choiste Idir-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt Oileáin a bhfuil freagracht shonrach ina leith ar an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta maidir le feidhm a thabhairt dó. Is faoi scáth Roinn an Taoisigh a fheidhmíonn an Coiste Idir-Ranna i gceist agus tá ionadaí de chuid na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ina chomhalta de.

Bíonn buntáistí scéimeanna na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar fáil ag pobail na n-oileán Gaeltachta.

Barr
Roinn