Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 6 Mar 2003

Vol. 562 No. 6

Other Questions. - Aonad Cothaithe Sláinte

Trevor Sargent

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Sláinte agus Leanaí an bhfuil sé sásta treoir a thabhairt don Aonad Cothaithe Sláinte ábhar a sholáthar go dátheangach. [3718/03]

Táirgeann an t-Aonad Cothaithe Sláinte réimse leathan bíleog agus leabhrán faoi chúrsaí a bhaineann le sláinte. Tá tuairiscí móra is cáipéisí polasaí á dtáirgeadh freisin chomh maith le hábhair feachtais agus acmhainní agus ábhar eile chun sláinte a chothú. Faoi láthair tá méid teoranta foilseachán á soláthar i nGaeilge agus chomh maith leis sin freagraíonn an t-aonad go dearfa d'iarratais ar fhoilseacháin faoi leith eile.

Tá grúpa eagarthóireachta bunaithe ag an aonad chun roinnt ceisteanna a mheas maidir le hábhair cothaithe sláinte. Tá an cheist faoi ábhar a sholáthar i nGaeilge á scrúdú faoi láthair leis an gcuspóir eolas téacsach a chur ar an ngréasán den Aonad Cothaithe Sláinte an am atá le teacht.

Tá áthas orm a chloisint ón Aire go bhfuil an cheist á scrúdú faoi láthair. Is tús maith é sin. An aithníonn an t-Aire go bhfuil go leor daoine, idir óg agus aosta, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth theanga labhartha acu agus nach leor go mbeadh billeog anseo agus ansiúd ar fáil ach go mbeadh an réimse céanna ar fáil i nGaeilge agus atá i mBéarla, go mórmór ón Aonad Cothaithe Sláinte? An nglacann sé leis go bhfuil ról aige féin treoir a thabhairt don aonad go bhfuil polasaí an dátheangachais i gceist maidir le heolas a chur ar fáil? An aithníonn sé nach bhfuil sin ag titim amach faoi láthair agus, dá bharr sin, go bhfuil daoine ag dul timpeall i gciorcail, mar a deir siad i litreacha a scríobhann siad chugam, idir oifig an Aire agus an aonad, agus an dá dhream ag rá go luíonn an fhreagracht ar an dream eile? An ndéanfaidh an t-Aire cinnte de go leanfar ar treoir?

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an cheist seo a chur ós comhair na Dála. Aithním go bhfuil deacracht ann agus go bhfuil daoine ann a dhéanann a chuid gnó trí Ghaeilge ins na Gaeltachtaí agus lasmuigh. Tugann an gréasán seans dúinn an téacs a chur ar an ngréasan chun freastail ar na daoine sin. Caithfidh mé bheith macánta leis an Teachta. Braitheann sé ar an méad airgid atá le fáil. Ceist costasach é agus níl traidisiúin ann chun é seo a dhéanamh san aonad.

Dar ndóigh, tá sé faoi láimhe faoi láthair. Tá grúpa ann chun ceisteanna cosúil le seo a scrúdú. Beidh mé ag tabhairt suim sa cheist seo agus tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar ais chuig an Teachta sar i bhfad maidir le dul chun cinn a léiriú dó.

Tuigim an méad a bhí le rá ag an Aire nach bhfuil traidisiúin san aonad. An nglacfaidh sé go raibh easpa traidisiuin san Aonad Chothaithe Sláinte, i mBéarla agus i nGaeilge, agus go bhfuilimid ag an bpointe anois gur gá dúinn sláinte a chothú níos mó ná mar ariamh? Sa gcomhthéacs sin, an nglacfaidh sé leis go gcaithfimid dul ar aghaidh ar bhonn chothrom idir iad a dhéanann a ngnó trí Gaeilge and iad a dhéanann é trí Béarla? Tuigim gur ceist airigd é, beag nó mór, ach an nglacfaidh an tAire gur féidir có-oibriú a chothú le grúpaí i dtreo agus nach mbeidh easaontas idir an Aonad Chothaithe Sláinte agus na dreamanna seo, de bharr go gceapann siad nach bhfuil an t-Aire ag tabhairt treoir dóibh? An ndéanfaidh sé cinnte go bhfuil an treoir ann, ar a laghad?

Tá an treoir ann agus, dar ndóigh, tá i bhfad níos mó le déanamh againn anseo. Tá súil agam go mbeimid in ann níos mó a dhéanamh as seo amach. B'fhéidir ar dtús báire gur féidir linn feachtaisí faoi leith a phiocadh amach agus díriú orthu siúd ionas go mbeimid in ann leagan Ghaeilge a chur ar fáil.

Barr
Roinn