Éamon Ó Cuív
Ceist:98. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach gcuirtear ceist ar iarrthóirí ath-imlonnaithe maidir lena gcumas agus lena dtoilteanas múineadh i scoil lánGhaeilge; cén soláthar atá déanta ag an Roinn chun a chinntiú nach mbeidh scoileanna lánGhaeilge faoi mhíbhuntáiste maidir le feidhmiú Chiorclán 0013/2013 agus iad ag iarraidh múinteoirí cuí le hinniúlacht sa Ghaeilge a aimsiú a bheadh toilteanach múineadh i scoil lánGhaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29862/13]
Amharc ar fhreagra