Éamon Ó Cuív
Ceist:729. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean teanga iarrtha ar Uisce Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13076/15]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 31 March 2015
729. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean teanga iarrtha ar Uisce Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13076/15]
Amharc ar fhreagraBunaíodh Uisce Éireann i mí an Mhárta 2013 faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013 agus is fochuideachta chláraithe é faoi Bhord Gáis Éireann. Níl Uisce Éireann cuimsithe faoin Chéad Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla i láthair na huaire. Tá an próiseas chun uasdátú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí atá le háireamh faoin Acht á bhreithniú ag mo Roinn i gcomhthéacs Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015, atá á dhréachtú faoi láthair.