- Tá líon na mbunscoileanna agus na niar-bhunscoileanna sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ag an bpointe seo leagtha amach sa doiciméad ceangailte. Tá líon na scoileanna nár chuir isteach ar an Scéim go fóill leagtha amach i gcolún ar leith sa Tábla freisin.
- Tá ainmneacha na mbunscoileanna agus na niar-bhunscoileanna atá páirteach sa Scéim ar fáil ar naisc ghréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna ag:
https://www.education.ie/en/The-Education-System/Policy-on-Gaeltacht-Education-2017-2022/scoileanna-rannphairteach-sa-sceim-aitheantais-scoileanna-gaeltachta-2018-bunscoileanna-.pdf
https://www.education.ie/en/The-Education-System/Policy-on-Gaeltacht-Education-2017-2022/scoileanna-rannphairteach-sa-sceim-aitheantais-scoileanna-gaeltachta-2018-iar-bhunscoileanna-.pdf
Níl ainmneacha na scoileanna nár roghnaigh páirt a ghlacadh sa Scéim go fóill foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar cuirfear deiseanna eile ar fáil do na scoileanna seo páirt a ghlacadh sa Scéim.
Thuairiscigh na scoileanna gurb iad seo a leanas na cúiseanna nár chuir siad isteach ar an Scéim go dtí seo:
- Cultúr agus traidisiún fada ag scoileanna a bheith ag teagasc trí mheán an Bhéarla agus is trí Bhéarla a fuair formhór na dtuismitheoirí a gcuid oideachais.
- Easpa muiníne agus inniúlachta sa Ghaeilge ag múinteoirí an tumoideachas a chur i bhfeidhm
- Easpa phobal Gaeltachta i gceantar na scoile le líon beag cainteoirí dúchais nó gan aon chainteoir dúchais sa phobal
- Easpa tuisceana i measc múinteoirí agus tuismitheoirí maidir leis an luaththumoideachas, agus imní orthu nach mbeadh ach Gaeilge amháin ar siúl ar feadh dhá bhliain, agus go mbeadh caighdeán Bhéarla na ndaltaí thíos leis
- Imní nach n-éireodh le daltaí le riachtanais speisialta oideachais sa suíomh tumoideachais
- Imní ar mhúinteoirí go dtitfeadh rollachán na ndaltaí sa scoil.
Supporting Documentation