Tá Scéim na mBóithre Áise, a bhfuil an Teachta ag tagairt di, curtha ar fionraí le roinnt blianta anois. Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht.
Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil bhóithre na Gaeltachta.
Faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil (LIS), cuireann An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre príobháideacha agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suíomhanna taitneamhach ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolas le fáil ar suímh na Roinne sin ag: www.gov.ie/ga/seirbhis/57f354-none/?section=boithre-aitiula-a-fheabhsu-lis
Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a ndéanfaí aon chinneadh maidir le hathnuachan Scéim na mBóithre Áise de chuid mo Roinne – rud nach bhfuil beartaithe a dhéanamh ag an bpointe ama seo. Is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 , a d’fhoilsigh mo Roinn i mí Meithimh 2018, an mapa bóthair ina ndéantar rianú ar cad a dhéanfar chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022.
Tá infheistíocht leanúnach á dhéanamh ag mo Roinn i dtograí caipiteal sa Ghaeltacht faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, a léiríonn go bhfuil mo Roinn tiomanta d’fhorbairt na Gaeltachta agus do phobal bríomhar inbhunaithe a choinneáil ann. Maidir leis an ghné chaipitil a mbeidh soláthar €2.698m ar fáil dó in 2022, tuigfidh an Teachta go ndáiltear an ciste sin chun cabhrú le feidhmiú foríomlán an phróisis pleanála teanga. Mar eolas don Teachta chomh maith, tá cúig mór thogra Gaeltachta ag mo Roinn luaite i dTionscadail Éireann 2040.
Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, beidh €14.450m in airgead caipitil ar fáil don Údarás an bhliain seo chugainn, méadú de 60% ar an allúntas a bhí ag an eagraíocht in 2019. Tugadh méadú suntasach breise don Údarás i mbliana le dul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an phaindéim dá gcuid cliantchomhlachtaí. Deimhníodh i gCáinaisnéis 2022 go bhfuil an t-airgead sin coinnithe ag an Údaráis – rud a dhéanfaidh difríocht ollmhór don eagraíocht agus í ag pleanáil do na blianta amach romhainn.