Mar is eol don Teachta, tá próiseas leagtha síos faoi Alt 19 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 maidir le foilsiú na gcaighdeán teanga a bheifear ag tabhairt isteach faoin Acht. Leagtar síos san alt sin go gcaithfidh an tAire dul i gcomhairle le grúpaí éagsúla, an Choiste Chomhairleach atá le bunú san áireamh, maidir le comhairle a fháil uathu ar na dréacht caighdeáin. Beidh an Choiste Chomhairleach á bhunú ag an Aire tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a rith. Tá tús curtha ag m'oifigigh leis an obair chun an Coiste a bhunú a bhfuil próiseas earcaíochta a bheidh á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina leith.
Anuas air sin, leagtar amach go ndéanfaidh an tAire dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne agus go dtabharfar 3 mhí, ón dáta foilsithe, don phobal chun tuairimí a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin sin.
Maidir leis an ghrinnscrúdú réamhreachtach a rinneadh ar an mBille, tuigtear dom go bhfuil cóip le fáil ó Thithe an Oireachtas. Mar áis don Teachta, tá an díospóireacht ar an ábhar ar fáil ag an nasc seo:
www.oireachtas.ie/en/debates/debate/comhchoiste_na_gaeilge_na_gaeltachta_agus_na_noilean/2018-04-17/3/