Éamon Ó Cuív
Ceist:109. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a fhoilseofar polasaí nua Gaeilge do scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4643/22]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 1 February 2022
109. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a fhoilseofar polasaí nua Gaeilge do scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4643/22]
Amharc ar fhreagraTá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta á fhorbairt ag mo Roinn faoi láthair. Is í aidhm an pholasaí nua seo ná creat a chur ar fáil chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Tá forbairt an pholasaí nua mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú. Leanfar le cur i bhfeidhm ghníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chomh maith.
Bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn in 2021 chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn. Beidh an grúpa oibre seo ag díriú ar phróiseas comhairliúcháin a fhorbairt chun rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara a spreagadh chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas forbartha polasaí. Tá sé i gceist freisin go ndéanfar athbhreithniú ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tá Grúpa Stiúrtha á bhunú freisin chun maoirseacht, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil don phróiseas forbartha beartais.
Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn agus tógáil ar na torthaí dearfacha atá á mbaint amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a neartú. Táim ag súil freisin le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun na céimeanna éagsúla is gá chun an polasaí a fhorbairt a chur chun cinn.