Maidir le plean teanga na n-Oileáin Árann, mar a luaigh mé sa fhreagra a thug mé ar Cheist Dála uimhir 136 ar an 20ú Eanáir 2022, bhí deis agam roimh an Nollaig casadh le hionadaithe ó na hOileáin Árann atá gníomhach sa phróiseas pleanála teanga chun a bplean a phlé. Tá toradh an phlé sin agus an plean teanga féin á bhreithniú ag an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair. Cé is móite den phlean seo, tá gach ceann eile den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta i mbun fheidhmiú a gcuid pleananna nó ar tí é sin a thosú.
Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go dáta, tá pleananna teanga curtha faoi bhráid mo Roinne agus ceadaithe i leith ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta den sé cinn déag uile atá aitheanta mar ábhar Bhailte Seirbhíse, agus tá trí Líonra Gaeilge aitheanta go nuige seo faoin bpróiseas. Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas go dtí seo.