Éamon Ó Cuív
Ceist:385. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndearna duine (sonraí tugtha) iarratas chuig Údarás na Gaeltachta ar cheart slí trí thalamh an Údaráis le haghaidh gnó, bunaithe ar acmhainn nádúrtha a fhorbairt; an bhfuil sé i gceist ag an Údarás an ceart slí a ghéilleadh agus, i gcás nach bhfuil, cén fáth; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13073/23]
Amharc ar fhreagra