Is cuid d'Fhoras na Gaeilge í ÁIS (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar) a chuireann seirbhís leanúnach ar fáil le soláthar cuí leabhar a chur ar fáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Íoctar foireann agus costais reatha ÁIS (cíos, teas, leictreachas &rl.) as ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge. Fágann sin nach gcuirtear aon mhaoiniú ar leith eile ar fáil do ghníomhaíochtaí ÁIS. Seachas sin, déantar ÁIS a reáchtáil ar bhonn tráchtála agus déantar aon teacht isteach atá ag ÁIS a dháileadh mar chuid d’ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge.
Má tá aon cheist ar leith ag an Teachta maidir le himeachtaí ÁIS, moltar dó teagmháil díreach a dhéanamh le Foras na Gaeilge.