Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil Oifigiúil | Iml. 1000

Agus céim mhór chun cinn á baint amach ag Oifig na nDíospóireachtaí mar gheall ar fhoilsiú a n-imleabhar ceangailte - a Tuarascáil Oifigiúil clóite d’imeachtaí na Dála - caith súil ar chuid de stair ár náisiúin trí lionsa dhíospóireachtaí an Oireachtais.

”Eagarthóir

Eagarthóir na nDíospóireachtaí agus Príomhthuairisceoir, Anne Maxwell, ag seiceáil imleabhar ceangailte Iml. 1000 na Tuarascála Oifigiúla. Tá an tEagarthóir freagrach, faoi stiúradh an Cheann Chomhairle, as táirgeadh agus foilsiú na Tuarascála Oifigiúla agus a himleabhair cheangailte.

Téigh ar aistear leis an Tuarascáil Oifigiúil

Cuireadh tús le Tuarascáil Oifigiúil Dháil Éireann i gcomhthráth leis an tús corrach a bhí ag Éirinn mar stát úrnua. Lean forbairt na tuairisce forbairt na hÉireann ó thír neamhspleách nuaghinte a bunaíodh le linn coimhlinte agus cruatain go stát domhanda aibí a bhfuil meas air.

”Imleabhar

Tá cur síos in Iml. 1 den Tuarascáil Oifigiúil ar thoghadh Uachtarán na Dála. Tháinig ról an Taoisigh in ionad an róil seo i Saorstát Éireann i ndiaidh gur glacadh le Bunreacht 1937.

Iml. 1, Uimh. 1 | Dé Sathairn, an 9 Meán Fómhair 1922

Rinne comhaltaí frith-Chonartha baghcat ar an gcéad suí den Tríú Dáil, ach tharla sí mar sin féin ar an 9 Meán Fómhair 1922.

Foilsíodh na himeachtaí in Iml. 1 den Tuarascáil Oifigiúil agus léiríonn siad suaitheadh na linne sin, agus Comhaltaí ag ceistiú cé acu a rinne nó nach ndearna an Dáil nua ionadaíocht ar “Éire ina hiomláine”.

Iml. 115, Uimh. 16 | Dé Máirt, an 31 Bealtaine 1949

Thar chéad bliain de dhíospóireachtaí a bhfuil taifead orthu sa Tuarascáil Oifigiúil, is iomaí díospóireacht thábhachtach a bhí ann maidir le comhionannas inscne, cearta sibhialta agus coinníollacha oibre, mar shampla, chomh maith le díospóireachtaí seasta maidir le hábhar cosúil leis an gcostas maireachtála.

Consistency amid change

This Official Report now numbers more than 1,000 volumes of parliamentary debate. Although technology and reporting methods have changed utterly, the report has remained largely consistent in its format while embracing technical innovation.

Take a look at the interactive graphic below and compare the first pages of Vol. 1, as published in 1922, and Vol. 1000 of the Official Report as published almost a century later.

Iml. 97, Uimh. 7 | Dé hAoine, an 18 Bealtaine 1945

In iarmhairt an Dara Cogadh Domhanda, déanann Teachtaí Dála díospóireacht ar na bealaí inar féidir le hÉirinn, ar stát nuaghinte fós é, cabhair dhaonnúil a sholáthar do thíortha a bhí scriosta tar éis beagnach sé bliana de chogadh. Nach mór 80 bliain ina dhiaidh sin, bheadh sonraí maidir le daoine a bhí thíos le coimhlint san Eoraip fós sa Tuarascáil Oifigiúil.

”Imleabhar

Is tuarascáil scríofa í an Tuarascáil Oifigiúil ar gach rud a deirtear le linn suíonna poiblí de chuid Thithe an Oireachtais agus a gcuid coistí parlaiminteacha, lena n-áirítear díospóireachtaí stairiúla agus gnó níos bunúsaí na Parlaiminte, mar atá le sonrú in Iml. 284, Uimh. 3.

Iml. 168, No. 5 | Déardaoin, an 22 Bealtaine 1958

Bhain reachtaíocht nua in 1958 “triail as” earcú ban sa Gharda Síochána a cheadú. Ag an am céanna, bhí foireann a raibh meascán níos cothroime d’fhir agus de mhná inti in Oifig na nDíospóireachtaí luath go leor.

”Imleabhar

B’fhéidir nach mbíonn an athstair ann ach is minic a bhíonn sé sách cosúil. Is é soláthar tithíochta an topaic a chuireann tús le himeachtaí lae in Iml. 62, Uimh. 8 na Tuarascála Oifigiúla ó 1936.

Iml. 1000, Uimh. 1 | Dé Máirt, an 3 Samhain 2020

“Uaireanta, b’fhéidir nach dtuigeann glúnta daoine go bhfuil bunchloch ár ndaonlathais i dtaifead scríofa na Dála. Tá sé thar cionn go bhfuil taifead chomh fada sin againn in imleabhair cheangailte den mhéid a dúradh i nDáil Éireann ón tosach. Is rud é ba cheart dúinn a cheiliúradh.”

An Taoiseach, An Teachta Micheál Martin | an 3 Samhain 2020

Barr
Roinn