Bhí corrthoghcháin ar siúl i mí Aibreáin 2021 chun dhá fholúntas a líonadh sa Seanad, folúntais a tháinig chun cinn de bharr éirí as oifig na Seanadóirí Michael D’Arcy agus Elisha McCallion.
Toghadh Maria Byrne agus Gerry Horkan chun Seanad Éireann.
Tháinig deireadh leis na vótaí agus rinneadh na vótaí a chomhaireamh ar an 21 Aibreán 2021. Ba iad Comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann toghthóirí na gcorrthoghchán.
An rolla talmhaíochta
Toghadh Maria Byrne chun Fho-rolla Rolla Talmhaíochta an Oireachtais ar an gcéad chomhaireamh. Tá torthaí iomlána an chomhairimh sa doiciméad seo.
An rolla tionscail agus tráchtála
Toghadh Gerry Horkan chun Fho-rolla an Rolla Tionscail agus Tráchtála ar an gcéad chomhaireamh. Tá torthaí iomlána an chomhairimh sa doiciméad seo.
Iarrthóirí
Shuigh Ceann Comhairimh an tSeanaid le haghaidh an rialaithe ar ainmniúcháin ar an 30 Márta 2021. Féach liostaí na n-iarrthóirí don toghchán chuig an dá rolla.
Sonraí teagmhála
Oifig an tSeanaid
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
D02 XR20