Cineálacha taifead a choimeádann Tithe an Oireachtais
- Doiciméid oifigiúla de chuid Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus Coistí dá gcuid agus páipéir phríobháideacha Comhaltaí, a bhfuil cosaint acu le hAirteagal 15 den Bhunreacht
- An coiste bainistíochta sinsearaí (an Coiste Bainistíochta) agus coistí gaolmhara Sheirbhís Thithe an Oireachtais
- An Coiste Comhpháirtíochta
- Toghcháin na Dála agus Toghcháin Eorpacha
- Riar chaidreamh poiblí agus sheirbhísí faisnéise Sheirbhís Thithe an Oireachtais
- Rannpháirtíocht na Seirbhíse sa Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí (TBS), lena n-áirítear taifid a bhaineann leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003, agus leis na hAchtanna um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997 agus 2003
- Riar liúntais agus theidlíochtaí na gComhaltaí
- Riar fheidhm an chraolta agus na teileachumarsáide sa tSeirbhís, lena n-áirítear sainfháil trealaimh agus seirbhísí
- Riar fheidhm na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) sa tSeirbhís, lena n-áirítear sainfháil trealaimh agus seirbhísí TF agus an tAcht um Chosaint Sonraí a riar
- Riar fheidhm phearsanra na Seirbhíse, lena n-áirítear
- taifid phearsanra agus taifid a bhaineann le saincheisteanna foirne agus caidrimh thionsclaíoch agus
- taifid den fhoireann atá fostaithe faoin Scéim um Chúnamh Rúnaíochta agus a choimeádtar chun críocha párolla
- Riar an Aonaid Oiliúna, lena n-áirítear sainfháil seirbhísí oiliúna
- Riar na Feidhme Sainfhála, lena n-áirítear
- earraí agus seirbhísí áirithe a fháil agus scéimeanna maidir leo a riar agus
- Saoráid Cló Thithe an Oireachtais a oibriú agus a bhainistiú
- Riar airgeadais Sheirbhís Thithe an Oireachtais lena n-áirítear iniúchadh inmheánach a dhéanamh uirthi
- Riar Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais
- Riar na nithe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht le haghaidh Sheirbhís Thithe an Oireachtais
- Riar na nithe seo a leanas
- Seomra Aclaíochta an Oireachtais agus
- Naíolann an Oireachtais
- Taifid a bhaineann le cóiríocht, le slándáil agus le saoráidí gaolmhara
- Riar an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, lena n-áirítear taifid a bhaineann le Clár Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann
- Comhairle dlí faoi phribhléid
- Beáir, siopa agus bialanna an Oireachtais, lena n-áirítear taifid maidir leis an bhfoireann a fhostaítear, riar agus sábháilteacht an áitribh agus idirbhearta airgeadais
- Taifid a bhaineann le cruinnithe an Choimisiúin agus coistí an Choimisiúin