Bhunaigh an Ceann Comhairle, an Teachta Séan Ó Fearghaíl, agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Jerry Buttimer, an Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht.
Tá ionadaíocht chothrom agus éagsúil den riachtanas ar mhaithe leis an daonlathas. Maidir leo siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht, tugtar le fios i dtuairiscí sna meáin agus i dtorthaí suirbhé go bhfuil anrud drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, á fáil acu agus go bhfuil ciapadh á dhéanamh orthu. Mná is mó a bhíonn thíos leis an drochíde sin, is cosúil.
Cothaíonn na hiompraíochtaí sin lear mór fadhbanna agus beidh drochthionchar fadtéarmach acu ar rannpháirtíocht na mban agus na ngrúpaí mionlaigh sa pholaitíocht go háirithe.
Déanfaidh an tascfhórsa seo scrúdú ar an ábhar agus déanfaidh sé moltaí faoin gcaoi a bhféadfaí rannpháirtíocht a chosaint agus tacú léi agus dioscúrsa sibhialta a chur chun cinn sa pholaitíocht. Leagfar tuarascáil deiridh faoi bhráid an Chinn Comhairle agus an Chathaoirligh.
An chéad chruinniú
Reáchtáladh an chéad chruinniú de comhaltaí an tascfhórsa Déardaoin, an 25 Bealtaine 2023, i dTeach Laighean.
Comhaltas agus téarmaí tagartha
- Na Comhaltaí
-
- Ann-Marie O’Sullivan – bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach, AM O’Sullivan PR
- Caitríona Gleeson – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Women for Election
- An Teachta Cathal Berry
- Ciara Phelan – iriseoir, Irish Examiner
- An Seanadóir Fiona O’Loughlin
- An Seanadóir Frances Black
- Gabrielle McFadden – iarSheanadóir
- An Teachta Ivana Bacik
- An Teachta Jennifer Carroll MacNeill – Aire Stáit
- An Teachta Jennifer Murnane O’Connor
- John-Kingsley Onwumereh – Comhairleoir Contae Fhine Gall
- An Seanadóir Lisa Chambers
- An Seanadóir Micheál Carrigy
- Nicola Kelly – oibrí forbartha, Líonra Eagraíochtaí Ionchathrach (ICON)
- Nóirín O’Sullivan – (CATHAOIRLEACH) iar-Choimisinéir an Gharda Síochána agus Ard-Rúnaí Cúnta na Náisiún Aontaithe um Shábháilteacht agus Slándáil
- Sinéad McSweeney – a d’oibríodh le Twitter, Éire
- An Teachta Sorca Clarke
- Téarmaí tagartha
-
Déanfaidh an Tascfhórsa na nithe seo a leanas:
- Déanfaidh sé breithniú ar chineál agus ar thionchar na drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, a thugtar dóibh siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht agus ar chineál agus ar thionchar an chiaptha a dhéantar orthu. Lena chois sin, déanfaidh sé breithniú ar a fhorleithne atá an drochíde agus an ciapadh sin.
- Déanfaidh sé breithniú ar bhearta trína dtabharfar aghaidh ar fhadhb na drochíde agus an chiaptha sa pholaitíocht, amhail:
- aird a tharraingt — tríd an oideachas, tríd an oiliúint agus trí bhealaí eile — ar a luachmhaire is atá rannpháirtíocht sa pholaitíocht agus freastal ar an bpobal, agus ar an gcaoi a ndíspreagann drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, agus ciapadh, rannpháirtíocht sa pholaitíocht ar fud shochaí na hÉireann;
- beartas poiblí, lena n-áirítear reachtaíocht, chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht agus chun iad a chosaint;
- freagairt na n-ardán meán sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar dhrochíde agus ar chiapadh;
- freagairt Thithe an Oireachtais agus na bPáirtithe Polaitiúla maidir le ceannaireacht a léiriú ó thaobh chur chun cinn an dioscúrsa shibhialta sa pholaitíocht.
- Déanfaidh sé breithniú ar an gcaoi a bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar raon na faidhbe i rith an ama agus ar éifeachtacht na mbeart arna gcur i bhfeidhm chun an fhadhb a mhaolú.
Socróidh an Tascfhórsa a chuid nósanna imeachta oibriúcháin féin agus éistfidh agus/nó breithneoidh sé cibé aighneachtaí is cuí leis, ó bhéal nó i scríbhinn, a bhaineann lena shainchúram.
Cuirfidh Seirbhís Thithe an Oireachtais seirbhísí riaracháin, dlí agus taighde ar fáil don Tascfhórsa.
Tabharfaidh an Tascfhórsa tuarascáil deiridh don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach, lena leagan faoi bhráid Choimisiún Thithe an Oireachtais, roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Más gá an spriocdháta chun an tuarascáil deiridh a chur isteach a shíneadh, is iad an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach a cheadóidh é.
- Fógra príobháideachta
-
Tá Fógra Príobháideachta foilsithe ag an Tascfhórsa, ina ndéantar cur síos ar an gcaoi a mbaileoidh, a bpróiseálfaidh agus a gcosnóidh sé sonraí pearsanta. Tá an tSeirbhís ag eisiúint an fhógra príobháideachta seo de thairbhe na ndualgas dá bhfuil uirthi faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tuilleadh eolais
An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath
D02 XR20
Teagmhálaí preasa
Verona Ní Bhroinn
(01) 618 3881
(087) 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie