Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Físeáin stairiúla

Tá rogha físeán ó bhlianta roimhe seo ar fáil le feiceáil/híoslódáil. Tá roinnt acu i bhformáid MP4 agus roinnt acu i bhformáid WMV.

2006 - 2018

Tá comhaid stairiúla MP4 agus WMV le haghaidh go leor laethanta ar feadh na tréimhse seo ar fáil le híoslódáil ónár gcartlann físeán. Ní cartlann chríochnaitheach é de na himeachtaí ar fad. D’fhéadfadh comhaid aonair nó roinnt comhad a bheith i gceist le lá aonair. Níl comhaid MP4 ar fáil ach ó Dheireadh Fómhair 2009 ar aghaidh.

Tabhair faoi deara:

  1. Is de réir seomra, bliana, míosa agus lae a dhéantar comhaid a chatagóiriú.
  2. Comhaid mhóra iad na comhaid de réir an lae (> 6GB).
  3. Gabhann gnás ainmniúcháin ar leith atá bunaithe ar an dáta le hainmneacha comhaid, e.g. [fóram]_[BBBBMMLL).{mp4 or wmv}
  4. Tá athúsáid aon chraolta Gréasáin nó aon chraolta faoi réir ár Rialacha Clúdaigh agus Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais.

 

Rialacha clúdaigh

Ní mór úsáid na gcraoltaí agus na gcraoltaí Gréasáin de chuid an dá Theach agus na gCoistí Parlaiminteacha a bheith i gcomhréir le Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Buan-Orduithe an tSeanaid. Ba cheart an méid seo a thabhairt faoi deara go háirithe: 

"... ní úsáidfear taifeadtaí ná sleachta de na himeachtaí i gcláir shiamsaíochta éadroime, i gcláir aoire polaitiúla, i gcraoltaí páirtí polaitíochta nó i bhfoirm fógraíochta nó poiblíochta ar bith, seachas i bhfoirm réamhfhógrán chláir nuachta agus chláir chúrsaí reatha...". 

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi na comhaid in-íoslódáilte, seol ríomhphost chuig web@oireachtas.ie.

Barr
Roinn