28 Samh 2016, 14:41
Pléifidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán soláthar an oideachais i limistéir Ghaeltachta le hionadaithe ó F
Scrúdóidh an Coiste forálacha an Pholasaí seo a leanas: ‘Polasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017 – 2022’, a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí. Faoin bPolasaí, is é a bheidh i scoil Ghaeltachta aitheanta scoil a thugann gealltanas gach réimse agus ábhar curaclaim a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Beidh suas le cúig bliana ag scoileanna, a roghnóidh stádas scoile Gaeltachta a bheith acu, chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh rochtain ag na scoileanna sin ar bheartáin acmhainní breise múinteoireachta agus eile ar mhodh céimnithe de réir mar a léireoidh siad dul chun cinn i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
Arsa Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Chun go n-éireoidh leis an bpolasaí seo tá sé riachtanach go soláthrófar saoráidí ina n-iomláine do scoileanna Gaeltachta agus go mbeidh múinteoirí i scoileanna Gaeltachta go hiomlán líofa chun gur féidir leo an teanga a thabhairt ar aghaidh, mar theanga shaibhir chanúnach, don chéad ghlúin eile. Murab amhlaidh atá in aon chás áirithe, ní mór gach cúnamh a thabhairt don scoil agus don mhúinteoir chun an méid sin a chur ina cheart. Aidhm lárnach is ea í sin chun go mairfidh an Ghaeltacht mar phobal Gaeilge.
“Tá sé riachtanach freisin go mbeidh scoileanna Gaeltachta lánpháirteach i bpobail Ghaeltachta agus go gcothóidh múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí a dtiomantas do leanúint den Ghaeilge a úsáid mar theanga choiteann ina bpobail, agus go n-éascóidh an Rialtas dóibh an tiomantas sin a chothú.
“Tuigeann an Coiste, áfach, nach ndéanfar aidhmeanna polasaí éifeachtaigh don oideachas Gaeltachta a bhaint amach ach amháin mar chuid de pholasaí éifeachtach uilechuimsitheach foriomlán maidir le gach seirbhís Stáit i limistéir Ghaeltachta a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tugann an Coiste dá aire go gcaithfidh sé a bheith soiléir do leanaí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí, má tá siad chun bheith tiomanta don pholasaí seo, go mbaineann sé le hábhar don saol agus don ghairm bheatha a bheidh acu sa todhchaí ina bpobail féin agus in áiteanna eile in Éirinn.”
Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ó 5pm, Dé Máirt, an 29 Samhain 2016.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán - Comhaltaí
Cathaoirleach: Caitríona Ní Chonghaile TD
Teachtaí:
Caitríona Ní Chonghaile Neamhspleách
Pat the Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Smith Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí:
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael