21 Noll 2016, 13:13
Ag cruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a bhí ann an 13 Nollaig 2016, chomhaontaigh an Coiste a iarraidh ar Údarás Ceannais Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Údaráis nach gceanglófar ar Uachtaráin na hOllscoile amach anseo a bheith líofa sa Ghaeilge.
Chomhaontaigh an Coiste scríobh chuig Catherine Mc Guinness Uasal, Cathaoirleach an Údaráis Ceannais agus chuig an Dochtúir James Browne, Uachtarán reatha na hOllscoile chun an iarraidh seo a chur in iúl dóibh.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Chomhaontaigh an Coiste go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar an nasc faoi leith atá ann idir an Ollscoil agus an Ghaeilge agus ar an gcúram faoi leith atá ar an Ollscoil i dtaca leis an nGaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Chomhaontaigh an Coiste go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh Gaeilge líofa ag aon Uachtarán ar an Ollscoil amach anseo, go háirithe ós i nGaillimh atá an Ollscoil lonnaithe, an t-aon chathair in Éirinn a bhfuil stádas dátheangach bainte amach aici. Tugann an stádas seo seasamh faoi leith don chathair agus don Ollscoil araon.”
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
Teachtaí Dála:
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael