16 Ean 2017, 10:23
Buailfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hionadaithe ó Gaillimh le Gaeilge agus ó Cearta Oideachais amárach, Dé Máirt, an 17 Eanáir 2017.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Tabharfaidh Gaillimh le Gaeilge aitheasc don Choiste ar an ábhar Gaillimh - an chéad chathair in Éirinn a bhfuil stádas mar chathair dhátheangach bainte amach aici. Cuireann Gaillimh le Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn agus cuireann siad béim ar a luachmhaire atá an Ghaeilge mar acmhainn eacnamaíoch do chathair na Gaillimhe. Féachann siad leis an acmhainn seo a fhorbairt i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile sa chathair.
“De réir staidéar neamhspleách a choimisiúnaigh Gaillimh le Gaeilge, is fiú breis is €136 mhilliún in aghaidh na bliana úsáid na Gaeilge i nGaillimh agus tacaíonn sí le níos mó ná 5,000 post. Féachann Gaillimh le Gaeilge le feabhsuithe a dhéanamh ó thaobh an Ghaeilge scríofa a bheith níos feiceálaí i gcathair na Gaillimhe agus tacaíonn siad leis an aidhm seo trí sheirbhísí aistriúcháin agus trí thacaíochtaí ginearálta a sholáthar chun a chumasú don lucht gnó comharthaíocht, suímh ghréasáin, ceannchlónna agus biachláir a chur ar fáil go dátheangach. Oibríonn siad freisin chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí éagsúla gnó a eagrú, amhail an Lón Gnó a bhíonn ar siúl uair sa mhí. Tá súil ag an gCoiste, toisc a fheabhas atá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge, gur féidir scéimeanna eile den saghas sin a chur chun cinn in áiteanna eile in Éirinn.
“Tabharfaidh Cearta Oideachais aitheasc don Choiste ar an tionchar a bheidh ag an mBille Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2017 ar scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Is é bunchuspóir an Bhille creat nua a bhunú i gcomhair rollú i scoileanna a chinnteoidh go gcaithfear go cothrom le gach leanbh agus go mbeidh córas struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach ann chun iarratais ar ligean isteach a chinneadh.
“Cé go dtagann an Coiste leis an gcur chuige seo, aithníonn sé chomh maith gurb ann d’imthosca speisialta i ndáil le leanaí arb í an Ghaeilge a labhraíonn siad lena muintir sa bhaile. Tá sé de cheart ag na leanaí sin oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge agus ní ceart gan iad a ligean isteach i ngaelscoil ar bhonn tíreolaíochta nó ar bhonn eile riaracháin. I bhfianaise a laghad gaelscoileanna atá ann i gcomparáid leis an líon scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, tá sé ríthábhachtach na cosaintí is gá a chur i bhfeidhm chun é seo a chinntiú.”
Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 2.45 p.m. amárach, Dé Máirt, an 17 Eanáir 2017.
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltas an Choiste
Teachtaí
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fearghus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael