Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éilíonn Coiste na Gaeilge tuilleadh tacaíochta agus maoinithe d’Oileáin Árann

9 DFómh 2017, 10:06

Tá tuilleadh tacaíochta agus maoinithe d’Oileáin Árann éilithe ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

I dtuarascáil a foilsíodh inniu, tá molta ag an gCoiste go mbuailfeadh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le hionadaithe ó Oileáin Árann chun saincheisteanna iomchuí a phlé leo.

Tá iarrtha ag an gCoiste chomh maith go n-aithneodh an Rialtas go poiblí go bhfuil meath leanúnach ar dhaonra Oileáin Árann agus go bhfuil gá le hidirghníomhú láithreach chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo láithreach.

Is iad seo a leanas na moltaí eile:

•    Go n-aithneodh an Rialtas gur mó i bhfad atá gá le deiseanna fostaíochta ar Oileáin Árann seachas in áiteanna eile in Éirinn agus go bhfuil géarghá ann líon na bpost ar Oileáin Árann a mhéadú agus a chosaint trí réamhghníomhartha praiticiúla – agus gur gá na gníomhartha sin a dhíriú ar dhaoine óga go háirithe;

•    Go bhfaigheadh Comharchumann Forbartha Árann, Comhlachas na gComharchumann agus na cuideachtaí pobalbhunaithe eile maoiniú leordhóthanach chun oibriú go héifeachtach chun tairbhe do phobal Oileáin Árann;

•    Go ndéanfaí ardchaighdeán na seirbhíse iompair isteach agus amach ó Oileáin Árann a chothabháil, gur sheirbhís bhuan shábháilte í a mbeifí in ann brath uirthi agus go mbeadh an tseirbhís ar fáil ar bhonn rialta i gcaitheamh na bliana ar fad;

•    Go mbeadh na costais taistil ar an bpobal áitiúil bunaithe ar chumas an phobail íoc astu, ionas nach míbhuntáiste breise ag an bpobal cónaí ar Oileáin Árann seachas ar an mórthír – is é sin le rá daoine a thaistealaíonn gach lá, daoine a thaistealaíonn chun freastal do chúrsaí sláinte nó ar mhaithe leis an oideachas, daoine atá dífhostaithe nó daoine nach bhfuil fostaithe go lán-aimseartha, agus pinsinéirí;

•    Go bhfuil géarghá ann an bonneagar ar Oileáin Árann a nuashonrú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear seirbhísí leathanbhanda a sholáthar;

•    Go dtabharfar gach tacaíocht don earnáil feamainne ar Oileáin Árann ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don phobal áitiúil;

•    Go dtabharfadh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt gach cúnamh chun tithe breise saoire agus lóistín eile a sholáthar do thurasóirí a thugann cuairt ar Oileáin Árann;

•    Go dtabharfadh an tAire Oideachais agus Scileanna gach cúnamh chun líon na ndaoine agus na mac léinn de gach aois, a bhíonn ag freastal ar choláistí Samhraidh ar Oileáin Árann a mhéadú;

•    Gur gá don Aire Oideachais agus Scileanna an fhadhb a bhfuil scoileanna ar Oileáin Árann, agus ar oileáin eile timpeall na tíre, ag tabhairt aghaidh uirthi, a scrúdú, is fadhb a bhaineann le líon na leanaí agus na seirbhísí atá ar fáil dóibh – go mbeidh an tAire sásta cúnamh cuí a sholáthar dóibh agus, nuair is cuí agus is gá, iad a eisiamh ó cheanglais áirithe chun a chinntiú go mbeidh siad ag feidhmiú amach anseo agus chun a chinntiú go mbeidh an chéad ghlúin eile ar Oileáin Árann agus ar oileáin eile na Gaeltachta ina gcainteoirí dúchasacha Gaeilge, mar a bhí riamh;

•    Go n-aithneodh an tAire Oideachais agus Scileanna go dtiteann costais áirithe ar scoileanna ar Oileáin Árann agus ar na hoileáin eile agus go gcuireann na costais bhreise seo isteach ar gach rud a dhéanann na scoileanna seo – foireann chuí cháilithe a mhealladh, curaclam leathan a chur ar fáil, seirbhísí breise a sholáthar do dhaltaí, foirgnimh a thógáil agus a dheisiú, áiseanna cuí a chur ar fáil, etc;

•    Go ndéanfadh Comhairle Contae na Gaillimhe athmhacnamh ar a beartas tithíochta tithe a thógáil ar an suíomh atá roghnaithe aici ar Árainn agus go ndeonódh an Chomhairle an suíomh seo do mhuintir an oileáin mar pháirc fóillíochta agus spóirt agus go dtabharfadh an Chomhairle tacaíocht chun an suíomh a fhorbairt;

•    Go gcruthófaí nasc i bhfad níos dlúithe agus níos éifeachtaí idir na Ranna agus Oifigí Rialtais, agus Oileáin Árann agus na hoileáin eile;

•    Go gcuirfí beartais éifeachtacha i bhfeidhm chun an Ghaeilge agus tslí mhaireachtála Ghaelach a chosaint agus a neartú ar Oileáin Árann agus ar oileáin eile na Gaeltachta ar bhonn leanúnach;

•    Go dtabharfaí gach tacaíocht do Chomharchumann Forbartha Árann chun a éascú dó úsáid thairbhiúil a bhaint as na tithe folmha taobh le Naíolann Árann.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Caitríona Ní Chonghaile: “Thug toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas cuairt ar Árainn an 8 Bealtaine 2017 agus bhuail muid leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag obair chun tairbhe don phobal áitiúil ar Oileáin Árann. Tar éis na cuairte sin, tá tuarascáil tugtha ag an gCoiste ina bhfuil sraith de mholtaí ríthábhachtacha maidir le hinmharthanacht Oileáin Árann agus na háitritheoirí ann san am atá le teacht. Rachaidh na moltaí seo go mór chun tairbhe d’Oileáin Árann agus don Ghaeltacht i gcoitinne má chuirtear i bhfeidhm iad a luaithe is féidir. Seolfaidh muid an tuarascáil ar aghaidh chuig na hAirí iomchuí agus chuig Comhairle Contae na Gaillimhe.”

Tá an tuarascáil le léamh anseo.

Barr
Roinn