6 Samh 2017, 13:55
Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán grinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta agus ar Dhréacht–Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla ag an gcruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Máirt, an 7 Samhain 2017.
Beidh Feidhmeannaigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag freastal ar an gcruinniú.
Dúirt Cathaoireach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Rialtas Dréacht-Cheannteidil Bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú. Amárach, beidh deis ag an gCoiste na Dréacht-Cheannteidil a mheas agus ionchur a bheith acu i mbille teanga láidir agus éifeachtach a dhréachtú chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a rachaidh chun tairbhe pobail Ghaeltachta.”
Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 7 Samhain 2017. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.