Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pléifidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht na hEalaíona agus an tOideachas

13 Feabh 2018, 15:06

Leanfaidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht dá chuid éisteachtaí maidir le coinníollacha oibre agus cúrsaí forbartha i dtionscal scannán na hÉireann ag an gcruinniú a bheidh aige Dé Céadaoin, an 14 Feabhra 2018.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín, TD: “Tá an Coiste ag cur tús le sraith éisteachtaí i ndáil leis na healaíona sa tsochaí. Amárach, díreoimid ar na hEalaíona agus cúrsaí oideachais nuair a bhuailfimid le hionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ón gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha, ó Éire Ildánach/Cairt na nEalaíon san Oideachas, ó Chumann na nEalaíon (ETAI), ón Stiúrthóir Náisiúnta do Chomhtháthú na nEalaíon san Oideachas agus ón gComhairle Ealaíon.

“Roimhe seo, ba mhinic gur tugadh aitheantas faoi bhun luacha do na hEalaíona agus gur measadh nach raibh an luach céanna ag gabháil leo agus a bhí le hábhair eile. Aithnítear anois, áfach, gur cuid lárnach d’fhorbairt go leor scileanna saoil é a bheith ag gabháil do na healaíona le linn foghlaim, lena n-áirítear an chruthaitheacht, an smaointeoireacht chruthaitheach, leas a bhaint as luach iomlán na teicneolaíochta nua-aimseartha, muinín, scileanna luaile, comhoibriú agus cumarsáid, cuirim i gcás. Tá sé tábhachtach gur dlúthchuid den chóras oideachais féin é an t-oideachas sna hEalaíona agus go rachaidh cleachtadh sna healaíona agus sa chruthaitheacht araon, agus tuiscint orthu, chun tairbhe do gach uile ghné den oideachas.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 1.30pm Dé Céadaoin an 14 Feabhra 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste anseo.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste le linn duit a bheith ag taisteal freisin trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

CRÍOCH/

Barr
Roinn