22 DFómh 2018, 17:36
Déanfar plé ar fhorbairt agus treo Raidió na Gaeltachta, Dé Máirt, ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.
Beidh an cruinniú ar siúl ar 4 p.m., i Seomra Coiste 4 agus is féidir é a fheiceáil beo anseo agus ar fheistí Android agus Apple ach feidhmchlár Thithe an Oireachtais a úsáid.
Is iad na finnéithe sceidealta:
- Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ;
- Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta;
- Jim Jennings, Stiúrthóir Ábhar RTÉ, agus
- Mícheál Mac Donncha, Chathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews