11 Beal 2020, 12:18
Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Fhreagra ar Covid-19 le chéile den chéad uair amárach, Dé Máirt, 12 Bealtaine, i seomra na Dála ag 12.30pm.
Is iad na míreanna ar an gclár:
- Toghadh Cathaoirligh
- Plé tosaigh ar chlár oibre a fhorbairt don Choiste agus
- Dáta don chéad chruinniú eile
Bunaíodh an Coiste Oireachtais speisialta seo ina bhfuil 19 mball ar an 6 Bealtaine 2020 le breith a dhéanamh agus fianaise a ghlacadh ar fhreagra an Stáit ar phaindéim Covid-19.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gCoiste, lena n-áirítear a théarmaí tagartha, anseo.
Féach ar an gcruinniú beo.