25 Beal 2021, 13:30
Cuirfidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht agus Muir tús arís lena bplé ar athfhliuchadh talún phortaigh agus an tionchar a bheidh aige sin ar dhraenáil ar an talamh feirme mórthimpeall, chomh maith le Cúrsaí Oideachais Teagaisc ag an gcruinniú inniu, ag 3:30 pm, Dé Máirt, an 25 Bealtaine.
Déanfar an cruinniú a roinnt ina dhá sheisiún:
Seisiún 1 - (15:30 - 16:30) - Athfhliuchadh talún phortaigh agus an tionchar a bheidh aige sin ar dhraenáil ar an talamh feirme mórthimpeall (atosaithe) le hoifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Seisiún 2 - (16:30 - 17:30) - Cúrsaí Oideachais Teagaisc le hionadaithe ó Theagasc.
Déanfar an cruinniú ag 3:30 pm a chraoladh ó Sheomra Coiste 3 i dTeach Laighean.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Cathaoirleach, Jackie Cahill, TD: “I gcruinnithe a bhí againn roimhe seo, d’fhoghlaim an Coiste faoin bpróiseas a bhaineann le talamh portaigh a athfhliuchadh agus go bhféadfadh an próiseas sin a bheith contúirteach – is iomaí gné athraitheach a bhíonn i gceist chun an leibhéal ceart uisce a fháil chun an talamh portaigh a athfhliuchadh. Ní mór do gach duine atá rannpháirteach sa phróiseas sin machnamh cúramach a dhéanamh ionas nach mbeadh tionchar ag tuile fhéideartha ar fheirmeoirí agus ar a slite beatha. Caithfear cinneadh láidir a dhéanamh maidir leis an réimse iomlán sin agus cuirimid fáilte roimh an deis sin leis na hionadaithe amárach.”
Dúirt an Cathaoirleach freisin, “Chonaiceamar le déanaí gur ceannairí iad feirmeoirí i réimsí amhail plaistigh feirme. Mar sin féin, tuigimid go bhfuil an t-oideachas ríthábhachtach chun athrú a chur i bhfeidhm. Cuideoidh scileanna nua agus breisoideachas le todhchaí na feirmeoireachta a bheith faoi bhláth. Tá an Coiste ag súil go mór le nuashonrú a fháil ar na cúrsaí oideachais a chuireann Teagasc ar fáil.”
Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Thalmhaíocht agus Muir, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir leat amharc ar an gcruinniú, i Seomra Coiste 3, ar shuíomh gréasáin an Oireachtais. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar Leathanach Gréasáin an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Jason Kiernan
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4486
+353 86 701 5235
Twitter: @OireachtasNews