2 MFómh 2022, 13:46
Tá an Coiste ag moladh athruithe a dhéanamh ar chreat maoiniúcháin earnáil na n-eagraíochtaí saorálacha agus carthanúla; ar na moltaí atá sa tuarascáil tá breis tacaíochtaí a thabhairt do phobail agus d’eagraíochtaí pobail agus naisc iompair níos fearr isteach sna hoileáin.
Tá an Coiste ag moladh athruithe a dhéanamh ar chreat maoiniúcháin earnáil na n-eagraíochtaí saorálacha agus carthanúla; ar na moltaí atá sa tuarascáil tá breis tacaíochtaí a thabhairt do phobail agus d’eagraíochtaí pobail agus naisc iompair níos fearr isteach sna hoileáin.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Donnacha Ó Neachtain TD: “Tá na heagraíochtaí pobail, saorálacha agus carthanúla uile fud fad na tíre thíos go mór leis an bpaindéim agus creideann an Coiste nach mór don Stát tacaíocht dhíreach a chur ar fáil dóibh agus iad ag tosú ar theacht ar a mboinn arís, go háirithe anois agus costais reáchtála ag dul i méid”.
Déantar moltaí suntasacha sa tuarascáil réamh-Bhuiséid i ndáil le heagraíochtaí pobail agus i ndáil le hearnáil na n-eagraíochtaí saorálacha agus carthanúla lena n-áirítear
Clár nua LEADER a bhunú láithreach chun friotháil a dhéanamh ar an éileamh ag fiontair thuaithe agus eagraíochtaí pobail, éileamh atá ag dul i méid.
An Ciste Feabhsúcháin Pobal a mhéadú de €20m ionas go ndéanfar forbairt chaipitiúil ar shaoráidí pobail nua de shaghas lárionad pobail agus go ndéanfar mór-athfheistiú ar shaoráidí pobail láithreacha den sórt sin.
Gur cheart maoiniú do ghasraí de chuid Aoisghníomhaíocht Éireann agus do Bhotháin na bhFear agus na mBan a mhéadú de €5 mhilliún.
Tacaíocht leordhóthanach inbhuanaithe a sholáthar d’earnáil na n-eagraíochtaí saorálacha agus carthanúla.
Dúirt an Teachta Ó Neachtain: “Is iad na gasraí seo crann taca na sochaí in Éirinn. Soláthraíonn siad poist, turasóireacht, cúram agus tacaíochtaí sláinte agus tithíocht do chuid nach beag dár bpobal. Ní mór tacaíocht a sholáthar dóibh. Ar an gcuma chéanna, tá roinnt scéimeanna agus tionscnamh i dtuath Éireann nach mór a chosaint.”
Dúirt sé ina dhiaidh sin go bhfuil moltaí sonracha déanta ag an gCoiste i dtaobh tacaíochtaí do phobail na n-oileán, lena n-áirítear
Ciste ar fiú €10 milliún é i gcomhair móroibreacha agus mionoibreacha forbartha caipitiúla sna hoileáin.
Tá an Coiste ag moladh an maoiniú reatha atá ar fáil i gcomhair na n-aersheirbhísí agus na seirbhísí farantóireachta isteach sna hoileáin a mhéadú de €1.5m faoi chomhair costais mhéadaithe, agus seirbhísí nua agus feabhsaithe isteach sna hoileáin a fhorbairt.
Tá an Coiste ag moladh maoiniú a thabhairt i mBuiséad 2023 d’aersheirbhís nua isteach in Inis Bó Finne, a rithfear trí lá in aghaidh na seachtaine ar dtús, go háirithe ó tharla aerstráice a bheith in Inis Bó Finne cheana féin.
Cúnamh deontais faoi chlár LEADER sna hoileáin i gcomhair tionscadail phríobháideacha aonair a mhéadú ó 50% go 85% agus i gcomhair tionscadail phobail a mhéadú ó 75% go 85%.
Rinne an Coiste roinnt moltaí maidir le bonneagar iompair freisin
Gur cheart an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a úsáid mar mheán chun tionscadail iarnróid a fhorbairt i gceantair thuaithe.
Breis maoiniúcháin a chur ar fáil chun feabhas a chur ar bhonneagar áitiúil maidir leis an Scéim Feabhsaithe Áitiúil, Scéim na Siúlóidí, an Scéim um Rochtain ar na Sléibhte, agus leathnú a dhéanamh ar an Scéim Aontís do Sheanóirí.
“Is é tuairim an Choiste gur chóir go mbeadh Coistí de chuid an Oireachtais i gcumas eolas a dhéanamh don phróiseas réamhbhuiséid agus a bheith páirteach ann, agus is sa chéill sin atá an tuarascáil seo á foilsiú aige” arsa an Teachta Ó Neachtain.
“Leanfaidh an Comhchoiste de bheith ag plé leis an Aire agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus iarrfaidh sé go rialta tuairiscí nuashonraithe i dtaobh chur i ngníomh na moltaí atá leagtha amach sa tuarascáil seo.”
Fiosrúcháin ó na meáin
Áine McMahon
Tithe an Oireachtais
Oifigeach Cumarsáide
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 8707436
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí