Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag féachaint ar chumas dátheangach na nOifigeach Ard-Bhainistíochta sa Státseirbhís

23 Ean 2024, 12:35

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 24 Eanáir 2024, déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a bhreithniú ar an gcumas dátheangach atá ann i láthair na huaire agus ar an gcumas dátheangach a bheidh de dhíth as seo amach ag na hOifigigh Ard-Bhainistíochta fud fad na Stát Seirbhíse.

Beidh ionadaithe thar ceann na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN, agus Athchóirithe agus ionadaithe thar ceann na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí ag freastal ar an gcruinniú agus beidh an t-ábhar sin á phlé acu le Comhaltaí an Chomhchoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: -

Ó 2030 ar aghaidh, tiocfaidh na ceapacháin ard-leibhéil, Ard-Rúnaithe agus Ard-Rúnaithe Cúnta na Ranna Stáit éagsula agus araile, faoi réir Acht an dTeangacha Oifigiúla 2021 agus faoi réir an fhoráil go mbeidh 20% de na poist sin ag oifigigh a bhfuil líofacht fheidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla acu. Tagann na ceapacháin seo faoi réir Choiste na gCeapachán Ardleibhéal agus, mar sin, thugamar cuireadh do Chathaoirleach an Choiste sin teacht os ár gcomhair amárach. Tá díomá orainn nach bhfuil sí ar fáil chun sin a dhéanamh, ach tá súil againn go mbeidh sí in ann teacht os ár gcomhair ag am eile as seo amach.

Maidir leis an bhforáil faoin 20% d’oifigigh na Ranna Stáit, is í tuairim láidir an Chomhchoiste go bhfuil sé rí-thábhachtach agus dothráchta go mbeidh torthaí na forála seo le feiceáil ag gach uile leibhéal agus ag gach uile ghrád tríd agus fud fad na Státseirbhíse uile, ó na poist is airde go dtí na bun-phoist. Mar sin, ag ár gcruinniú amárach, beimid ag iarraidh ar na hionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN, agus Athchóirithe agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí na beartanna atá á bhforbairt acu chun an fhoráil seo a chur i gcrích a phlé linn.

Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar  Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn