Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta ag bualadh le Gaillimh na Gaeilge i gCathair na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge

7 Márta 2024, 12:45

Amárach, Dé hAoine, an 8 Márta 2024, beidh cruinniú stairiúil á reáchtáil ag Comhchoiste na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge – an chéad chruinniú dá chuid taobh amuigh de Theach Laighean agus taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Beidh an cruinniú ar siúl in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Co. na Gaillimhe (H91 H6KX), idir 10:00 agus 12:00.

‘Cathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge: conas an chathair a fhorbairt, agus naisc a chruthú idir an chathair agus ceantair Ghaeltachta an chontae’ is ea ábhar chruinniú an Chomhchoiste le hionadaithe ón eagraíocht Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile sa chathair.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an Comhchoiste an-bhuíoch de Chomhairle Contae na Gaillimhe as an seomra agus as na háiseanna iontacha atá á gcur ar fáil dúinn sa chaoi is go mbeidh sé ar ár gcumas an cruinniú seo a reáchtáil. Is ócáid an-tábhachtach don Ghaeilge í an ócáid seo agus muid, Comhaltaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag bualadh le pobal na Gaeilge i gCathair na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh an bpobal i gcoitinne freastal ar an gcruinniú.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn