19 Márta 2024, 17:37
Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile Dé Céadaoin, an 20 Márta 2024 ar 1.30 p.m. chun tacaíocht d’fhorbairt ar léiriú Réigiúnach Scannán agus Teilifíse a phlé i Seomra Coiste 4 de Theach Laighean.
Cloisfidh an cruinniú ó oifigigh agus ó ionadaithe uathu seo a leanas:
- An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Fís Éireann
- TG4
- Raidió Teilifís Éireann (RTÉ)
- An Roinn Airgeadais
- Coimisiún na Meán
Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann TD “Léirítear le rath suntasach idirnáisiúnta aisteoirí agus ban-aisteoirí Éireannacha agus cáilíocht an léirithe Scannán agus Teilfíse baile, dhúchasaigh spreagadh agus cur chun cinn an léirithe scannán agus teilifíse as na réigiúin in Éirinn
Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh le raon eagaíochtaí agus gníomhaireachtaí stáit a bheidh i láthair amárach ón earnáil chun dul níos faide isteach sa scéal faoi cad iad na tacaí atá ann do léiritheoirí agus chun teacht ar fhios soiléir maidir le conas atá cúrsaí faoi láthair do dhaoine a bhíonn ag forbairt scannán agus teilifíse.”
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV
Léigh tuilleadh faoi obair an Choiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews