Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díospóireachtaí an Chonartha | Acmhainní Oideachais

Cúnamh a thabhairt do dhaltaí dara leibhéal dul i ngleic le téacs na ndíospóireachtaí faoin gConradh Angla-Éireannach. Tá na hacmhainní seo oiriúnach don tSraith Shóisearach, an Idirbhliain agus an tSraith Shinsearach.

Treoir

Treoir agus seicliosta acmhainne

Tosaigh leis an treoir acmhainní seo. Mínítear inti conas an tsraith acmhainní a úsáid agus an chaoi a dtagann na gníomhaíochtaí leis an gcuraclam.

Fiosraigh Foinsí Stairiúla

Roghnaigh as measc ceithre acmhainn, a ndíríonn gach ceann acu ar na Teachtaí Dála a labhair i rith Dhíospóireachtaí an Chonartha.

Póstaer

Ó Shos Cogaidh go Saorstát

Féach ar na fíricí agus na dátaí tábhachtacha a bhaineanna leis an gConradh, a thug Éire ón Sos Cogaidh go dtí an Saorstát sa ghrafaic faisnéise seo.

Beirt fhear ag siúl trí na geataí 1921 nó 1922

Teachtaí Dála ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Díospóireachtaí an Chonartha

Tuairiscíocht Illustrated London News ar oscailt Dhíospóireachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans

Díospóireachtaí an Chonartha

In 1921 agus 1922 déanaimid comóradh céad bliain ar dhíospóireachtaí na Dála ar an gConradh Angla-Éireannach.

Ba é an plé ar an gConradh an díospóireacht ba shuntasaí i stair na Dála. Tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann a bhí ann, inar socraíodh conair nua d’Éirinn.

Barr
Roinn