Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Sa chás taispeántais

Gach mí, taispeánann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde seoid roghnaithe ó bhailiúchán an Oireachtais i gcás taispeántais i dTeach Laighean.

Grianghraf dubh agus bán de Darrell Figgis, náisiúnaí agus bolscaire, a tógadh sna 1920idí.

Nollaig 2022

An mhí seo, mar chomóradh céad bliain ar Bhunreacht Shaorstát Éireann, tá The Irish Constitution, Explained by Darrell Figgis, á thaispeáint ag Leabharlann an Oireachtais, i dteannta téacsanna eile le Figgis.

Ba phearsa litríochta chlúiteach é Darrell Figgis. Bhí an-mheabhair aige agus is iomaí saothar dá chuid a cuireadh i gcló, lena n-áirítear filíocht, úrscéalta, drámaí, léirmheastóireacht liteartha, léirmheastóireacht ealaíne agus iriseoireacht.

Léarscáil Daonáirimh

Foinse: Masterofmalt, CC BY-SA 4.0 via Wikimedia Commons

Meán Fómhair 2022

‘Leatrom agus bearta cruálacha na n-oifigeach ioncaim Éireannach’

Tá Leabharlann an Oireachtais ag taispeáint paimfléad 1818 an mhí seo darb ainm ‘leatrom agus bearta cruálacha na n-oifigeach ioncaim Éireannach’ Ba é Urramach Edward Chichester, Giúistís Síochána do Dhún na nGall, a scríobh paimfléad atharthaíoch go maith ina raibh cuntais d’éagóracha a rinne na hoifigigh ioncaim ar a pharóistigh go háirithe i mbarúntacht Inis Eoghain. 

Léarscáil Daonáirimh

Tithe an Oireachtais

Mí Iúil 2022

“Ba dhóigh linn...gur cheart do Dhaonáireamh a bheith ina Shuirbhé Sóisialta, gan a bheith ach ina Áireamh ar éigean”

An mhí seo, tar éis an na chéad eisiúna d’áirimh daonra oifigiúla i nDaonáireamh 2022, tá tuairisc de Dhaonáireamh 1841 á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. Léirítear i réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022 go bhfuil daonra na hÉireann ag 5,123,536, an leibhéal is airde ó bhí an Gorta Mór ann.

Oifig na dTaifead Poiblí Éireann, Meitheamh 1922

Tithe an Oireachtais

Meitheamh 2022

Déanfaidh Leabharlann an Oireachtais 100 bliain ón uair a scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí Éireann a cheiliúradh an mhí seo. Beidh tuairisc 1819 de chuid an Choiste Bhreathnóireachta um Thaifead Poiblí na hÉireann á taispeáint acu mar chuid den cheiliúradh seo.

Ballraíocht na gComhphobal Eorpach

Tithe an Oireachtais

Bealtaine 2022

An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 50 bliain ó vótáil Éire dul isteach sna Comhphobail Eorpacha, le dhá Pháipéar Bhána ó 1961 agus 1970 ar taispeántas, ina gcuirtear síos ar na himpleachtaí a bhaineann le comhaltas.

Radio na Gaeltachta headquarters at Casla, Co. Galway

Graham Horn. Source: Wikimedia Commons. License: CC BY-SA 2.0

April 2022

 This month the Oireachtas Library is marking 50 years of Raidió na Gaeltachta with a display of RTÉ’s annual report from 1973. The report, covering the period of April 1972 to March 1973, outlines the inaugural year of programming at the new station, which broadcast for the first time on Easter Sunday, 1972.

Speranza

Márta 2022

An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan trí leabhar filíochta ó 1871 ag Jane Wilde a léiriú. Rugadh Lady Wilde in 1821. Cainteoir cuid mhór teangacha, scríbhneoir aistí, file, náisiúnaí Éireannach agus tacadóir ar chearta na mban ab ea í.

Íomhá mhaisithe ‘The Sportsmen’, le Jack B. Yeats

Feabhra 2022

An mhí seo, tá taispeántas faoin leabhar taistil Rambles in Ireland á thaispeáint againn. Tugtar cuntas sa leabhar, a foilsíodh in 1912, ar thuras a thug an scríbhneoir Robert Lynd agus a bhean chéile trí Ghaillimh, an Clár, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh, Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath.

Ar an leathanach clúdaigh tá “Airteagail Chomhaontaithe le haghaidh Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921”

Nollaig 2021

Beidh macasamhail fhótagrafach den chonradh Angla-Éireannach á taispeáint againn an mhí seo. De réir nóta lámhscríofa ar an gcéad leathanach, chóipeáil Ard-Mhúsaem na hÉireann na hAirteagail Chomhaontaithe (ina bhfuil an Bunchonradh), le caoinchead an rialtais agus faoi mhaoirseacht chléireach na Dála.

Grianghraf fir ag suí i vaigín i rith Chogadh Chrimé

Samhain 2021

Beidh cóip de Stair an Chogaidh i gcoinne na Rúise le léaráidí ó pheann Nolan á taispeáint againn an mhí seo. Foilseoidh go gairid tar éis Chogadh na Crimé 1853-56 é, cogadh a chaill an Rúis i gcoinne comhpháirtíochta ina raibh an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an tSairdín agus an Impireacht Otamánach páirteach.

Bhí tionchar nár bheag ag teicneolaíochtaí nua ar thuairisciú na meán den chogadh. Roimhe sin, ghlac sé seachtainí agus míonna ar thuairiscí teacht ón gcoigríoch, lig forbairtí sa chumarsáid teileagraif teacht chun na Breataine laistigh de laethanta nó uaireanta fiú.

Leathanach ón leabhar ón mbliain 1808 dar teideal “An Introduction to the Irish Language”

Deireadh Fómhair 2021

An mhí seo tá an chéad eagrán de An Introduction to the Irish Language leis an Urramach William Neilson, a dtugtar Neilson’s Grammar air chomh maith, ar taispeáint againn. Foilsíodh an leabhar den chéad uair in 1808 agus aithnítear go forleathan é mar théacs ceannródaíoch ar ghramadach agus ar struchtúr focal na Gaeilge.

Rugadh William Neilson (1774–1821) mar chuid de chlann léannta Phreispitéireach i gCo. an Dúin a labhair Gaeilge.

Portráid de William Cobbett, circa 1831

William Cobbett, circa 1831. Foinse: Wikimedia Commons

Meán Fómhair, 2021

An mhí seo, tá achoimre shiamsúil ar thriail William Cobbett (1763‑1835) ó 1831 á léiriú againn.

Iriseoir agus gníomhaí polaitiúla as Sasana ba ea Cobbett a bhí ina chosantóir ar son chearta an oibrí tuaithe le linn thionsclú na Breataine sa 19ú haois.

Deontas de mhíle punt

Lúnasa 2021

 An mhí seo, chun an rath a bhí ar fhoireann Oilimpeach na hÉireann i dTóiceo le déanaí a cheiliúradh, tá Leabharlann an Oireachtais ag féachaint ar ár mbailiúcháin le haghaidh tagairtí do chluichí roimhe seo. Leagadh an doiciméad seo os comhair na dTithe agus taispeánann sé deontas de £1,000 ón Roinn Airgeadais chun tacú le foireann na hÉireann sna cluichí a bhí ar siúl sa bhliain 1932 in Los Angeles. Sa Dáil an 9 Meitheamh 1932, mhínigh an tAire Airgeadais Seán Mac an tSaoi go raibh fasach déanta nuair a tugadh £1,000 don fhoireann sa bhliain 1928. Nuair a d'iarr an Teachta Risteard Ó Maolchatha faoi dhul chun cinn maidir le liathróid láimhe agus iománaíocht a bheith san áireamh mar chomórtais Oilimpeacha, d'fhreagair Mac an tSaoi:

Íomhá de Dhún Laoghaire ó 1820

Mí Iúil 2021

An mhí seo tá paimfléad 1807 ón Urramach William Liddiard (1773–1841), ar taispeáint againn, ag iarraidh go mbunófaí seirbhís tarrthála eagraithe feadh chósta na hÉireann. Bhí fonn ar leith ar an Urramach Liddiard na Túir Martello a tógadh le déanaí a úsáid mar stáisiúin tiomnaithe bád tarrthála.

Bhí Liddiard ag scríobh mar fhreagra ar dhá long a chuaigh go tóin poill le déanaí i mBaile Átha Cliath - an Rochdale agus an Prince of Wales- a chonaic caillteanas beagnach 400 saol in aon oíche amháin.

Cartún de chuid The Times ón 19ú haois de bhean ag caitheamh litreacha bréige Parnell i dtreo pobal diomúch, agus trí fhuinneog is féidir daoine a fheiceáil ag cóipeáil shíniú Parnell.

Meitheamh 2021

An mhí seo táimid ag féachaint níos dlúithe ar Choimisiún Parnell 1888-89 trí chartúin chomhaimseartha a foilsíodh sa nuachtán United Ireland, a bhí i bhfách le Parnell.
Sna 1880idí bhí The Times, nuachtán coimeádach, go mór i gcoinne an bhrú ar son rialtas dúchais in Éirinn ag an bPáirtí Liobrálach agus ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann. I mí an Mhárta 1887, thosaigh an nuachtán ag foilsiú sraith alt ar ar tugadh “Parnellism and Crime”, a d'fhéach le míchlú a chur ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann trína chomhaltaí a nascadh go díreach le coiriúlacht agus foréigean poblachtach.

Bealtaine 2021

D’fhonn comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó dódh Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, táimid ag taispeáint prionta ón 18ú haois de shean-Teach an Chustaim taobh thiar de Dhroichead Essex. Dhear agus thóg an t-ailtire Thomas Burgh Teach an Chustaim i 1707.

Tharla go leor méadaithe agus forbartha i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh an 18ú haois. Bhog Coimisiún na Sráideanna Leathana, eagraíocht pleanála atá fíorluachmhar, lár iomlán na cathrach soir ar shiúl ón tseancheathrú mheánaoiseach.

Clúdach tosaigh (dearg) na Tuarascála ar Infheistíocht san Oideachas, 1966

Eanáir 2021

I gcomóradh ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Oideachas an mhí seo tá an tuarascáil cheannródaíoch ón mbliain 1965, Infheistíocht san Oideachas, á thaispeáint againn.

Nuair a d’éirigh Seán Lemass ina Thaoiseach sa bhliain 1959, thosaigh sé ar chur chuige nuachóirithe i leith gheilleagar na hÉireann, agus deiseanna á n-oscailt aige don tsaorthrádáil, don infheistíocht eachtrach agus do rannpháirtíocht mhéadaithe leis an gcomhphobal idirnáisiúnta.

Prionta Aorach: Who’s to be king of the castle? United Ireland, 25 Bealtaine 1889

Aibreán 2021

An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 100 bliain ó ceapadh Ard-Leifteanant deireanach na hÉireann trí chartún aorach ón 19ú haois faoin ról uathúil seo a léiriú.
Bhí ionadaí oifigiúil riaracháin rí nó bhanríon Shasana in Éirinn ó 1172. Bhí roinnt mhaith teideal ag an ról, lena n-áirítear an príomhghobharnóir, an fear ionaid, an breitheamh onórach agus fear ionaid an rí, ach tugadh an teideal oifigiúil ‘Ard-Leifteanant’ don ról tar éis Acht an Aontais, 1801.

Prionta ó 1834 ina léirítear tarrtháil chriú Ross ag muintir an Isabella.

Márta 2021

An mhí seo táimid ag breathnú siar ar an gcuardach fada contúirteach le haghaidh bealach long siar ó thuaidh tríd an Artach trí chuntas foilsithe an Chaptaein John Ross ar a thuras idir 1829 agus 1833 a thaispeáint.
Cé gur sheol na Lochlannaigh go measartha fada siar ó thuaidh sa 10ú haois, níor thosaigh cumhachtaí coilíneacha na hEorpa ar chuardach leanúnach le haghaidh pasáiste sábháilte long timpeall ghob Mheiriceá Thuaidh go dtí deireadh na 1500idí.

Pictiúr de Jonathan Swift le Charles Jervas ó thimpeall ar an mbliain 1718

Jonathan Swift, le Charles Jervas

Feabhra 2021

Tabharfaimid cuairt an athuair an mhí seo ar an iarracht a cliseadh chun banc naisiúnta d’Éirinn a bhunú 300 bliain ó shin le paimfléid i bhfabhar agus i gcoinne an togra le fáil inár gcás taispeána fíorúil.

Tháinig athruithe nach beag ar an mbaincéireacht agus ar an airgeadas sa 17ú haois, le teacht aníos na gcuideachtaí comhstoic agus le bunú na mbanc náisiúnta. Ba thiar sa bhliain 1694 a bunaíodh Banc Shasana, agus d’éirigh sé láithreach bonn ina fhoinse mhór cistí agus um bainistiú fiachais don rialtas. Rinne díorma Teachtaí Parlaiminte Éireannacha achainí ar an Rí sa bhliain 1720 le haghaidh cairte chun banc náisiúnta a bhunú d’Éirinn.

Nollaig 2020

An mhí seo tá muid ag taispeáint prionta ó eagrán Nollag 1889 de United Ireland. Le linn na mblianta deiridh den 19ú aois d’fhoilsigh nuachtáin náisiúnaíocha ar nós The Freeman’s Journal agus United Ireland eagráin speisialta don Nollaig. Bhíodh na forlíonta pictiúr a tháinig leo go minic lán le léaráidí, le híomhánna rómánsúla ón stair nó íomhánna idéalacha den todhchaí.

Léiriú anatamaíoch ar chnámharlach duine agus pictiúir de bhlaoscanna, 1790

Cuireadh breis agus 500 prionta copair san áireamh in eagrán Moore den Chiclipéid, a léiríonn rogha ábhar

Samhain 2020

An mhí seo, chun Seachtain na hEolaíochta a cheiliúradh, tá an chéad imleabhar dár dtríú eagrán de Chiclipéid Britannica ó 1790 á chur ar taispeáint againn. Foilsíodh an t-eagrán oifigiúil i nDún Éideann ach cóip bhradach, cháiliúil is ea an t-eagrán atá i mbailiúchán na Leabharlainne, a d’fhoilsigh James Moore i mBaile Átha Cliath.

Is í Ciclipéid Britannica an chiclipéid ghinearálta i mBéarla is sine atá ann. Foilsíodh den chéad uair in 1768 í. Leagadh amach sa saothar, a bhfuil go leor imleabhar ann, ailt ar réimse ábhar éagsúil a bhaineann leis an eolaíocht agus leis na healaíona. Cuireadh an t-ábhar le chéile ó fhoilseacháin eile nó scríobh na heagarthóirí agus na saineolaithe ábhair d’aon ghnó é.

Portráid de Dhónall Ó Conaill

Deireadh Fómhair 2020

An mhí seo tá Repeal Dictionary le John O’Connell á thaispeáint againn, a d’fhoilsigh an Loyal National Repeal Association 175 bliain ó shin. Cé go dtugtar ‘Part 1’ air go hoifigiúil, níor cuireadh an dara cuid i dtoll a chéile riamh, mar sin ní théann an foclóir pholaitiúil ach ó A (i gcomhair Absenteeism) go M (i gcomhair Murder).

Cartún ina dtaispeántar béar ón Rúis agus leon ón mBreatain ag imirt cártaí le haghaidh choróin na hIndia. Cuireann Éireannach fir comhairle ar an mbéar go bhfuil cárta laga ag an leon. Tá na cúigeanna ar fad buaite ag an mbéar go dtí seo.

Meán Fómhair 2020

An mhí seo, tá meonta i leith an impiriúlachais á lorg againn ina bhailiúchán de chartúin náisiúnacha na hÉireann ó na 1880idí.

Tugadh “Scramble for Africa” agus an “Great Game” ar dhá fhiontar impiriúla mór le rá sa 19ú haois. Tagraíonn an dara téarma go scaoilte do choimhlintí taidhleoireachta agus míleata idir an Bhreatain agus an Rúis san Áise láir, áit a raibh an Bhreatain ag iarraidh leasanna na Rúise a chosc ó theacht isteach chuig an India. Tugann “Scramble for Africa” an tréimhse idir na 1880idí agus 1914 le fios, tráth a ndearna tíortha na hEorpa críochdheighilt ar timpeall 90% de mhór-roinn na hAfraice.

Restoration of Order in Ireland, August 1920

Lúnasa 2020

An mhí seo, déanfaimid ceiliúradh ar 100 bliain ó ritheadh an Restoration of Order in Ireland Act (ROIA) trí chóip de na rialacháin lena mbaineann a thaispeáint. Tá leasuithe lámhscríofa ar an tsraith rialachán seo ar an gclúdach tosaigh agus coinníodh iad in oifig an Fho-Rúnaí John Anderson ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Go bunúsach, chuir ROIA síneadh le rialacháin faoin Defence of the Realm Act 1914 (DORA). Tugadh smacht ollmhór sóisialta agus eacnamaíoch ar shibhialtaigh don rialtas sa reachtaíocht éigeandála seo a ritheadh i rith cogaidh. An rud ba chonspóidí ba ea gur cheadaigh sé imtheorannú agus armchúirt ar shibhialtaigh a d’fheidhmigh nó a bhí ag pleanáil le feidhmiú mar shárú ar shlándáil náisiúnta.

Léiriú ealaíonta ó 1831 ar an gcalar á scaipeadh san aer, teoiric a bhí coitianta go dtí na 1860idí

Mí Iúil 2020

Tá paimfléad neamhghnách ónár mbailiúchán againn an mhí seo. Infection is teideal dó, agus foilsíodh an doiciméad an chéad lá riamh in 1867 ach rinne an t-údar – Sir J. Clarke Jervoise – atheisiúint air in 1882.

Tá argóint phaiseanta sa phaimfléad i gcoinne na húsáide a bhí á baint as coraintín chun galair a chur faoi smacht. I gcás Clarke Jervoise, a bhí ina Theachta Parlaiminte nuair a foilsíodh an paimfléad an chéad uair, níorbh fhiú an fhulaingt a bhain le cruálacht an aonraithe, go háirithe do na boicht nó do sheandaoine.

Drawing of Susan O'Donnell, teideal: "Forlíonadh a tugadh amach in aisce leis an WEEKLY FREEMAN an 13 Deireadh Fómhair 1883. Praghas Trí Leath-Phingin"

Susan O’Donnell

Meitheamh 2020

Táimid ag tarraingt aird an mhí seo ar bhailiúchán digiteach de chartúin pholaitiúla ó dheireadh an 19ú haois. Tá os cionn 600 cartún digitithe sa Leabharlann ó na nuachtáin náisiúnacha Weekly Freeman, Weekly News agus United Ireland a bhí i leabharlann oifig an phríomh-rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa chartún atá ar taispeáint taispeántar Susan O’Donnell, "banchéile" Patrick O'Donnell, fear a bhí báúil leis na Fíníní agus a chaith agus a mharaigh an brathadóir póilíní James Carey in 1883.

Léaráid ó 1884 de thriúr ban ag ól tae, dar teideal “A cup that cheers”

Currier & Ives (1884). A cup that cheers / Le caoinchead Leabharlann na Comhdhála

Bealtaine 2020

An mhí seo, táimid ag féachaint ar aitheasc a thug an Dr E. D. Mapother don Statistical and Social Inquiry Society of Ireland in 1880. Foilsíodh an óráid agus ceanglaíodh í le paimfléid eile mar chuid de leabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Tugtar léargas iontach san óráid ar dhálaí sláinte poiblí in Éirinn ag deireadh an 19ú haois.

Aghaidh Ospidéal Mercer á ghreanadh, 1762

Aibreán 2020

An mhí seo, táimid ag féachaint ar eagrán 1762 de The Dublin Magazine, iris nár foilsíodh ach ar feadh cúpla bliain. Bhíodh meascán d’ailt ar thopaicí mar stair, tíreolaíocht, leigheas, litríocht, cúrsaí reatha agus polaitiúla in  The Dublin Magazine. Bhí cuntas agus pictiúr san eagrán seo fiú ar “remarkable machine for flying”, ar leathanach 549.

Portráid ghreanta den Ghinearál Hoche, inscríbhinn: An Ginearál Lazarus Hoche, iarcheannaire ar shaighdiúirí na Fraince a rinne iarracht ionradh a dhéanamh ar an ríocht seo an geimhreadh seo caite

Márta 2020

An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag cur prionta 1797 den Ghinearál Lazare Hoche ar taispeáint. Ba é Hoche an ceannasaí ar iarracht na Fraince ionradh a dhéanamh ar Éirinn i mí na Nollag 1796.

Chreid Poblacht nua-bhunaithe na Fraince go mbeadh Éire ina hionad foirfe chun tús a chur le hionradh ar Shasana. Thaistil roinnt comhaltaí de na hÉireannaigh Aontaithe réabhlóideacha, Theobald Wolfe Tone ina measc, go dtí an Fhrainc chun ceannairí a chur ar a suaimhneas go mbeadh na céadta mílte Éireannach sásta tacú leo.

Cartún ón 19ú haois ina bhfeictear Ensign Smith ar shráideanna Chester, leis an téacs: "On his way to the Castle he encounters some suspicious characters"

Feabhra 2020

An mhí seo, tá leabhar cartúin neamhghnách á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais maidir leis an bplean a bhí ag na Fíníní nár éirigh leis chun ruathar a dhéanamh ar Chaisleán Chester ar an 11 Feabhra 1867. Déantar cur síos ar Ensign Smith sa scéal agus é ag teacht isteach ar dualgas ag Caisleán Chester, áit a n-éiríonn sé ólta, a mbíonn brionglóid aige faoin gceann is fearr a fháil ar na Fíníní agus ansin dul abhaile chuig baisteadh teaghlaigh.

Engraving of a southwest view of Galway town, 1820

Eanáir 2020

Déanfaidh Leabharlann an Oireachtais ceiliúradh an mhí seo ar 200 bliain ó foilsíodh stair cháiliúil James Hardiman ar Ghaillimh trínár gcóip chéad eagráin a thaispeáint i gcás taispeána i dTeach Laighean.

Líníocht láimhe d’inneall traenach ar iarnród Bhaile Átha Cliath agus Bhaile an Rí

Mí na Nollag 2019

An mhí seo, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Leabharlann an Oireachtais ar 185 bliain ón gcéad iarnród paisinéara in Éirinn – Iarnród Bhaile Átha Cliath agus Bhaile an Rí – trí bhileog eolais a thaispeáint a rinne James Pim, Jr., pearsa lárnach taobh thiar d’fhorbairt an iarnróid. Ag labhairt le Comhalta Parlaiminte Frederick Shaw, pléann Pim na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le hiarnród náisiúnta a thógáil in Éirinn.

Líníocht de phlanda práta fhiáin, 19ú haois.

Samhain 2019

Tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Sheachtain na hEolaíochta an mhí seo le taispeántas de thuarascáil 1847 Robert Thompson ar thurgnaimh chun leigheas a fháil ar an dúchan a bhí ag scriosadh na bprátaí ar fud Mheiriceá agus Thuaisceart na hEorpa. Bhí tionchar tubaisteach aige in Éirinn, áit a raibh formhór an daonra ag brath ar an bpráta mar phríomhfhoinse bhia.

Cartún a léiríonn iarracht a rinneadh daoine a dhíbirt ag Radharc an Chaisleáin, Co. Chorcaí in 1886

Deireadh Fómhair 2019

An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 140 bliain ó bunaíodh Conradh na Talún le cartún a thaispeáint ina léirítear iarracht a rinneadh daoine a chur amach as a gcuid tithe ag Radharc an Chaisleáin, Co. Chorcaí in 1886. Bhí an cartún i bhforlíonadh in United Ireland, an nuachtán seachtainiúil náisiúnach.

Bhí an aimsir go dona in Éirinn i ndeireadh na 1870í agus mar sin, ní raibh an fómhar go maith, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fheirmeoirí beaga tionónta.

Píosa ón Dublin Gazette in 1919 ag fógairt an choisc ar Dháil Éireann

Meán Fómhair 2019

Tá Leabharlann an Oireachtais ag taispeáint forlíonadh leis an Dublin Gazette an mhí seo ón 11 Meán Fómhair 1919, ina bhfuil forógra Fhear Ionaid an Rí agus na Ríchomhairle gur measadh gur eagraíocht chontúirteach a bhí in “The Dáil Éireann” agus go raibh cosc uirthi anois.

Ón mbliain 1918 bhí iarrachtaí ar bun ag an rialtas chun an claonadh i dtreo neamhspleáchais a bhí ag dul i méid in Éirinn a chur faoi chois trí dhíriú ar eagraíochtaí náisiúnacha i roinnt contaetha ar leith, lena n-áirítear Sinn Féin, clubanna Shinn Féin, Óglaigh na hÉireann, Cumann na mBan agus Conradh na Gaeilge.

Painting of Queen Victoria as a young woman, 1845 / artist: Alexander Melville

Portrait of Queen Victoria by Alexander Melville, 1845

Lúnasa 2019

An mhí seo, tá cothrom 170 bliain ó chéad chuairt na Banríona Victoria ar Éirinn á cheiliúradh ag Leabharlann an Oireachtais trí dhán ceiliúrtha le John D’Alton a thaispeáint. Priontáladh an dán seo nár foilsíodh agus chuir John D’Alton féin isteach chuig Oifig na hÉireann i Londain é agus tá sé anois mar chuid den bhailiúchán stairiúil ag Leabharlann an Oireachtais.

Thug Victoria an Prionsa Albert agus ceathrar dá leanaí léi ar a céad chuairt ar Éirinn. Tháinig an luamh ríoga isteach go Cóbh ar an 2 Lúnasa 1849 agus cuireadh an-fháilte rompu. Athainmníodh an baile mar Bhaile na Banríona ina honóir.

James Hack Tuke, 1819-1896

Iúil 2019

An mhí seo, tá tuarascáil 1883 ó choiste Tuke á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. I mbliana, déantar ceiliúradh ar chomóradh 200 bliain ó bhreith James Hack Tuke, Sasanach a bhí i gCumann na gCarad, a bhfuil cuimhne air as a chuid oibre daonchairdiúla in iarthar na hÉireann sna 1880idí.

Ag deireadh na 1870idí, mar gheall ar dhrochaimsir, fómhar teipthe agus iomaíocht ó allmhairí saora, bhí feirmeoirí tionónta na hÉireann ag fulaingt go mór.    Faoi 1879 bhí gorta ann.

Clúdach tosaigh Ulysses, le James Joyce

Meitheamh 2019

Chun comóradh a dhéanamh ar Bloomsday an mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag caitheamh súil níos géire ar chinsireacht in Éirinn trí Thuarascáil an Choiste ar Litríocht an Oilc ó 1926 a chur ar taispeántas. Tharraing úrscéal James Joyce Ulysses, a ndéantar comóradh anois air i bhféile bhliantúil an 16 Meitheamh, go leor clampair nuair a foilsíodh é ar dtús. Cheap cuid mhaith go raibh an t-úrscéal gáirsiúil, cuireadh cosc air sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, agus lasadh na céadta cóip.

An cheannlitir T maisithe le híomhá de long ar muir

Bealtaine 2019

Holinshed’s Chronicles of England, Scotland and Ireland

An mhí seo tarraingíonn Leabharlann an Oireachtais aird ar cheann de na leabhair is sine inár mbailiúchán, Holinshed’s Chronicles of England, Scotland and Ireland. Is é cóip na Leabharlainne an dara heagrán, a foilsíodh in 1587, agus a bhí mar chuid de leabharlann an Phríomh-Rúnaí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath an chéad lá riamh.

portráid lánfhada de Charles Talbot, Ard-Leifteanant na hÉireann, 1817-1822

Charles Talbot, Ard-Leifteanant na hÉireann

Aibreán 2019

An chéad tuarascáil ón mBord Sláinte Ginearálta 1822

An mhí seo, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Sláinte ar an 7 Aibreán, tá an Chéad Tuarascáil ó Bhord Sláinte Ginearálta na hÉireann in 1822 á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. Tagann an tuarascáil seo ó Bhailiúchán stairiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Bhí diantréimhse gorta agus galair sa dara leath de na 1810idí.

Cartún polaitiúil, 1919

Cartún Irish Fun, Bealtaine 1918

Márta 2019

An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag féachaint ar oidhreacht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann trí chartúin pholaitiúla a thaispeáint ó dhá eagrán den tréimhseachán Irish Fun: A Tonic in Type.

Arna bhfoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 1917 agus mí na Bealtaine 1918, déantar magadh sna cartúin seo faoi Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, a bhí ag meath ó 1916 agus a bhí ina ábhar aoire do go leor tréimhseachán de chuid Shinn Féin ar nós Irish Fun.

Cartún ó irisleabhar The Shamrock, 1919

Feabhra 2019

An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag cuimhneamh ar éalú Éamoin de Valera ó phríosún Lincoln trí chóip d’irisleabhar The Shamrock ó mhí Feabhra 1919 a thaispeáint. Taispeántar sa chartún aorach ar an gclúdach an Rúnaí Baile, Edward Shortt, ag lorg a “German Plot”, a léirítear mar mhadra lena “TALE cut SHORTT”.

Art Ó Gríobhtha

Art Ó Gríobhtha / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Mí na Nollag 2018

An mhí seo tá Leabharlann na Parlaiminte ag taispeáint cóip de phaimfléad Airt Uí Ghríobhtha dar teideal The Resurrection of Hungary: A Parallel for Ireland, a foilsíodh in 1904. Dar leis an staraí Brian Maye, gur chuir an chosúlacht sin idir an Ungáir agus Éire iontas mór ar Ó Gríobhtha – dhá thír bheaga nasctha le himpireachtaí móra. Chreid sé go raibh ceacht tábhachtach ag stair na hUngáire d'Éirinn a linne.

Ardcheannasaí na Comhghuaillíochta Ferdinand Foch agus ionadaithe míleata tar éis an Sos Cogaidh a shíniú an 11 Samhain 1918

Ardcheannasaí na Comhghuaillíochta Ferdinand Foch agus ionadaithe míleata tar éis an Sos Cogaidh a shíniú an 11 Samhain 1918

Samhain 2018

Tá Leabharlann na Parlaiminte ag comóradh 100 bliain ó dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda an mhí seo le taispeántas den chéad tuarascáil eatramhach a thug an Coiste um Léirmhíniú an Téarma “Tréimhse an Chogaidh”. Is ó bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath é seo, a aistríodh chuig an Leabharlann sna 1920idí ó Oifig an Phríomh-Rúnaí. Bhunaigh Aireacht na hAtógála an coiste; bhíodh sé de chúram ar an Aireacht sin pleananna a dhéanamh do dheireadh an chogaidh.

Tuarascáil an Choimisiúin Airgeadra 1929

Deireadh Fómhair 2018

An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Bhuiséad 2019 trí chomhad ábhar a bhaineann le buiséid, meastacháin agus caiteachais idir 1923 agus 1924 a thaispeáint. Tagann an comhad ó bhailiúchán ábhar cartlainne an Oireachtais atá á choinneáil ag Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais.

Taispeántar sa chomhad nóta ón gCeann Comhairle, Michael Hayes T.D., faoin nós imeachta atá le leanúint chun déileáil le rúin bhuiséid agus leis an mBille Airgeadais.

Tuarascáil an Choimisiúin Airgeadra 1929

Meán Fómhair 2018

An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag ceiliúradh 90 bliain ó cuireadh na chéad nótaí bainc i gcúrsaí. Tá tuarascáil an Choimisiúin Airgeadra ó 1929 ar taispeáint. Bunaíodh an Coimisiún chun maoirseacht a dhéanamh ar tháirgeadh agus eisiúint an airgeadra nua.

Lean nótaí agus boinn na Breataine i gcúrsaíocht ar feadh roinnt blianta tar éis bhunú an tSaorstáit. Bhí trádáil agus airgeadas na hÉireann nasctha go dlúth leis an Ríocht Aontaithe, agus mar gheall ar an mbéim ar chaidreamh maith a chothabháil agus cobhsaíocht sa gheilleagar, ní tosaíocht an-phráinneach a bhí i rolladh amach an airgeadra náisiúnta don rialtas nua.

Richard Kirwan

Richard Kirwan / Ó líníocht in Dublin Magazine Nollaig, 1812

Lúnasa 2018

Mar gheall ar an aimsir neamhghnách le déanaí in Éirinn, i mí Lúnasa chaitheamar súil siar ar bhlianta tosaigh an bhreithnithe aimsire eolaíoch in Éirinn. Thaispeánamar cóip de A Comparative View of Meteorological Observations Made in Ireland (circa 1793). Taifead laethúil atá sa pháipéar seo, a léigh Richard Kirwan ag Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 2 Feabhra 1793, ar an aimsir in Éirinn i rith na mblianta 1789 agus 1790. Tá sé le fáil in imleabhar dar teideal Kirwan’s essays and sundries others agus fuair Leabharlann an Oireachtais é sna 1920idí.

William Smith O'Brien

Portráid de William Smith O’Brien / Ní fios cé a rinne é

Iúil 2018

I mí Lúnasa, chun comóradh a dhéanamh ar 170 bliain ó éirí amach na nÉireannach Óg, thaispeánamar tuairisc ar thriail William Smith O'Brien. Tá an tuairisc ar cheann amháin de roinnt imeachtaí trialach ceangailte ón 19ú haois a aistríodh chuig Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí ó Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Ba de shliocht Bhrian Bóramha é William Smith O'Brien. Feisire ba ea é freisin. Bhí sé i bhfách go diongbháilte le haisghairm Acht an Aontais i dTeach na dTeachtaí. Chuaigh sé le Cumann Aisghairm Dhónaill Uí Chonaill in 1843.

Mionpháirt d’íomhá de Sir Horace Plunkett ag labhairt ag an gComhdháil

Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Meitheamh 2018

Bhí cóip de Thuairisc ar Imeachtaí Chomhdháil na hÉireann, a foilsíodh sa bhliain 1918, á taispeáint againn i mí an Mheithimh. Bhí an tuairisc mar chuid de bhailiúchán leabharlainne Phríomh-Rúnaí na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a fuair Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí.

Bealtaine 2018

Bhí cóip d'óráid feachtais a thug an tAthair Michael O'Flanagan i mBaile Shéamais Dhuibh, Contae an Chabháin, Dé Domhnaigh, 26 Bealtaine 1918, á taispeáint againn i mí na Bealtaine 2018. Thacaigh aitheasc O'Flanagan le hArt Ó Gríofa, uachtarán Shinn Féin. Bhí Ó Gríofa ag seasamh i bhfothoghchán an Chabháin Thoir agus bhí sé ag súil le stádas Feisire a bhaint amach sa toghcheantar sin. Léiríodh go soiléir san óráid go raibh Sinn Féin i gcoinne an choinscríofa. Mar gheall air sin, sheas Sinn Féin amach ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (dream a bhí sa dé dheireanach) agus bhí bua mór acu san olltoghchán níos déanaí an bhliain sin.

Sonraí ó The Police Gazette or Hue-and-Cry, 25 Márta 1921

Thomas Johnson / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Aibreán 2018

Bhí cóip d'fhorógra olltoghcháin Pháirtí an Lucht Oibre á taispeáint againn in Aibreán 2018. Foilsíodh an forógra i mí Mheán Fómhair 1918. Cé gur cuireadh an forógra seo i dtoll a chéile, níor ghlac Páirtí an Lucht Oibre páirt in olltoghchán 1918 ná i dtoghcháin pharlaiminte 1921. Rinneadh an cinneadh sin chun éascaíocht a dhéanamh ar chinneadh glansoiléir na dtoghthóirí maidir leis an gceist náisiúnta agus chun go bhféadfaí scoilt sa ghluaiseacht oibreachais, a bhí á heagrú ar bhonn uile-Éireann, a sheachaint.

Sonraí ó The Police Gazette or Hue-and-Cry, 25 Márta 1921

Roderick "Rory" O'Connor

Márta 2018

I mí an Mhárta 2018, thaispeánamar eagrán Éireannach den fhoilseachán The Police Gazette or Hue-and-Cry ón 25 Márta 1921. Léirítear san eagrán seo an chaoi a raibh Éire ina cíor thuathail ag an am, tar éis méadú suntasach ar an bhforéigean i gCogadh na Saoirse ag deireadh 1920. Áirítear sa liosta de na "coirpigh" a rabhthas sa tóir orthu ceannairí Óglaigh na hÉireann, Michael Collins (Mícheál Ó Coileáin), Richard Mulcahy agus Cathal Brugha, chomh maith le duine a ghoid capaillín agus cairt i gContae Ard Mhacha agus fear a chúigleáil pingin mhaith ó Chomharchumann Mhainistir na Corann i gContae Chorcaí.

Portráid de William Molyneaux

Portráid de William Molyneux de chuid Sir Godfrey Kneller

Feabhra 2018

Is ionann 2018 agus cothrom 320 bliain ó bhásaigh William Molyneux, scríbhneoir, fealsúnaí, eolaí agus comhalta de Pharlaimint na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Go gairid sular bhásaigh sé in 1698, d’fhoilsigh sé paimfléad conspóideach dar teideal The Case of Ireland’s being bound by Acts of Parliament in England, Stated.

Clúdach Ireland's Case Against Conscription, le hÉamon de Valera

Eanáir 2018

Géarchéim an Choinscríofa

I mí Eanáir 2018, chuireamar cóip de Ireland's Case Against Conscription ar taispeáint. Scríobh Éamon de Valera an doiciméad sa bhliain 1918. Foilsíodh é ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don fheachtas in Éirinn i gcoinne an choinscríofa le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Cóipeanna de Bhunreachtanna na hÉireann

Nollaig 2017

Bunreacht na hÉireann agus Bunreacht an tSaorstáit

I mí na Nollag 2017, thaispeánamar athchlónna luatha de Bhunreacht nua-aimseartha na hÉireann, agus a réamhtheachtaí, Bunreacht 1922 an tSaorstáit.

Barr
Roinn