Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ag tabhairt na milliúin duine scartha le chéile: Iris ‘The United Irishman’ de chuid Uí Dhonnabháin Rosa

TCÉ

Féach isteach

I Leabharlann an Oireachtais tá níos mó ná 450 eagrán de The United Irishman, nuachtán a scríobh agus a chuir Jeremiah O’Donovan Rossa in eagar agus é ar deoraíocht i Nua-Eabhrac ag deireadh an 19ú haois.

Portráid d’Ó Donnabháin Rosa ón nuachtán ‘United Ireland’ i mBaile Átha Cliath, 16 Meitheamh 1894

B’fhínín Éireannach é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (1831-1915). Chuir údaráis na Breataine sa phríosún é roinnt uaireanta as a ghníomhaíocht pholaitiúil sular scaoileadh saor é mar chuid de phardún in 1870. Ní raibh cead aige fanacht sa Ríocht Aontaithe agus mar sin, bhog sé féin agus a theaghlach go Nua-Eabhrach agus bhunaigh sé nuachtán darbh ainm ‘The United Irishman’ in 1881. D’fhán sé seo ar an bhfód go dtí 1910 (cé nach dtéann bailiúchán Leabharlann an Oireachtais níos faide ná 1900).

Gearrthán ó leathanach tosaigh an nuachtáin ‘The United Irishman’

Bhí ainm Uí Dhonnabháin Rosa le feiceáil in eagráin luatha de ‘The United Irishman’ os cionn an bharrtheidil

Bhí an nuachtán ar fáil i Meiriceá agus in Éirinn araon. Díoladh go leor nuachtán ar bhonn trasatlantach faoi dheireadh an 19ú haois. Bhí siad saor le táirgeadh agus le ceannach, agus le forbairt thapa iarnród agus galtán, d’éirigh sé i bhfad níos fusa agus níos tapa eolas a roinnt ar bhonn idirnáisiúnta. Rinne Oifig an Phríomh-rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go leor eagrán de nuachtán Uí Dhonnabháin Rosa a bhailiú agus a stóráil. Bhí príomhoifigí riaracháin an rialtais in Éirinn i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus ba uaidh seo a choinnigh oifigigh súil ghéar ar ghníomhaíochtaí réabhlóideacha. Bhí an nuachtán ina chuid den bhailiúchán tagartha a aistríodh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath go Leabharlann an Oireachtais in 1924.

Rogha gearrthán ó nuachtán ón 19ú haois

Tá go leor ábhar náisiúnach Éireannach i mBailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath, trialacha lámhscríofa na bhFíníní, cartúin pholaitiúla agus gearrtháin ó nuachtáin a bhain le náisiúnachas na hÉireann ina measc.

Agus é ina mhodh bolscaireachta do náisiúnachas na hÉireann, bhí ról ag an nuachtán mar mheán chun daoine a chur ar an eolas faoi chúis náisiúnach na hÉireann. Chuimsigh sé seo tabhartais a bhailiú ar son ‘chiste scirmisíochta’ Uí Dhonnabháin Rosa – foinse airgid le haghaidh feachtas armtha de chuid náisiúnaithe na hÉireann. Agus é ina fhoinse nuachta, imeachtaí sóisialta, litreacha agus ábhair chultúrtha, bhí sé mar aidhm ag an nuachtán freisin nasc láidir a chothú idir pobail Éireannacha sa bhaile agus thar lear.

An Ciste Scirmisíochta

Bhí Ó Donnabháin Rosa ar dhuine den dream ar son ‘cogaíocht eolaíoch’ i gcoinne na mBriotanach, is é sin le rá buamaí dinimíte a úsáid ar fud Shasana chun iallach a chur ar rialtas na Breataine tarraingt amach as Éirinn. Ba chonspóideach an seasamh a bhí aige ag an am sin fiú, go mór mór nuair a maraíodh buachaill óg le linn an fheachtais bhuamála in 1881. Tháinig deighilt i measc náisiúnaithe eile a thacaigh leis, arbh fhearr leo an bealach bunreachtúil chun neamhspleáchas na hÉireann a mhol Charles Stewart Parnell (1846-91) agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann. Tá seans ann freisin gurbh shin í an chúis a ndearna bean Shasanach, Lucille Yseult Dudley (circa 1864-1947), iarracht Ó Donnabháin Rosa a fheallmharú i Nua-Eabhrac in 1885.

Portráidí ón 19ú haois de bhean agus fear le blaosc, bratacha trasna ar a chéile, uirlisí dúnmharaithe agus cartún a léiríonn an bhean ag lámhach an fhir

Cartún ó nuachtán an ‘Weekly Freeman’, an 14 Feabhra 1885, a léiríonn iarracht chun Ó Donnabháin Rosa a fheallmharú i Nua-Eabhrac

Tá an páipéar lán de theanga fhrith-Shasanach. Léiríonn cuimhní, colúin agus litreacha pearsanta Uí Dhonnabháin Rosa go minic a mhífhoighne maidir le heasaontas na náisiúnaithe Éireannacha i Meiriceá Thuaidh agus a mhoille a bhí dul chun cinn polaitiúil in Éirinn.

I would go a little heavier on the dynamite, but there is no order office closer than fifty miles from this out-of-the-way part of the Rockies that I am living in…
J.P. Quinlan, The United Irishman, 29 Deireadh Fómhair 1887

Is litreacha atá i gcuid mhór d’ábhar luath an pháipéir ó shíntiúsóirí a thug airgead don chiste scirmisíochta. Is léir na tuairimí láidre a bhí ag léitheoirí an pháipéir: I litir amháin ó 1887, scríobh J.P. Quinlan in Colorado go raibh brón air nár fhéad sé níos mó airgid a sheoladh don dinimít ach go raibh sé ródheacair teacht ar airgead páipéir sa cheantar iargúlta ina raibh cónaí air.

Gearrtháin ó litreacha a foilsíodh i nuachtán ón 19ú haois

Taispeánann litreacha don eagarthóir na háiteanna forleathana a raibh Éireannaigh iontu fud fad na Stát Aontaithe, chomh maith leis an rochtain fhorleathan a bhí ag daoine ar an nuachtán

Foilsíodh a leithéid d’antoisceachas taobh le hamhráin, dánta, scéalta grinn, cartúin agus fógraí. Bhí scéal ar leith in eagrán an 10 Bealtaine 1890 faoi phlé ar fhreastail go leor daoine air ag Club Preasa na mBan ag Union Square maidir le cé acu ar chóir do mhná nuachtáin pósadh nó nár chóir agus cé leis ar chóir dóibh pósadh. Fógraíodh in alt eile d’eagrán an 29 Nollaig 1900 gurbh fhéidir fónagraf a úsáid in ionad treoraí ag taispeántais a bhuí le hobair innealtóir de chuid na Gearmáine. Bhí insintí pictiúrtha do pháistí, eachtra in eagrán an 21 Márta 1891 ina measc faoi chaitín a bhí i ngrá le lacha.

Cartún a léiríonn lacha agus cat ag breith barróige ar a chéile in aice le fógra ina bhfuil Pádraig Naofa le feiceáil

Íomhá ó cholún na bpáistí agus fógra le haghaidh ‘ungadh Phádraig Naofa’

Nuacht ó na Stáit Aontaithe

Tá go leor tuairisciú ar nuacht ó Nua-Eabhrac, gné-ailt ar an bpolaitíocht áitiúil, toghcháin agus Tammany Hall ina measc. B’eagraíocht chumhachtach pholaitiúil é Tammany Hall a raibh dlúthbhaint aige leis an bPáirtí Daonlathach. Sa 19ú haois, ba Ghael-Mheiriceánaigh a bhí sa pháirtí den chuid is mó agus bhí siad gan trua gan taise agus iad i mbun toghchánaíochta. Go gairid i ndiaidh dó teacht go Nua-Eabhrac, sheas Ó Donnabháin Rosa i dtoghchán stáit i gcoinne an pholaiteora mhícháiliúil de chuid Tammany Hall, William ‘Boss’ Tweed (1823-78). Tá seans ann go raibh an comhaireamh rigeáilte agus chaill sé an toghchán (cuireadh Tweed sa phríosún go gairid ina dhiaidh sin as na milliúin a ghoid ó chistí poiblí).

Workers, not blowers, he said, were required in Saratoga
The United Irishman, 26 Meán Fómhair 1885

In eagrán amháin den nuachtán tuairiscíodh go raibh argóint i measc choiste Tammany Hall ar Eagrúchán ar cé acu ar chóir traein speisialta agus banna a sheoladh chuig comhdháil pholaitiúil in Saratoga nó nár chóir. Bhí ball amháin ag iarraidh dul ann ar an mbealach simplí, daonlathach. Bhí baill eile sásta faoin traein speisialta ach ní faoin mbanna, agus dúirt an t-iarchróinéir Waltman: “workers, not blowers, were required in Saratoga”. Bhí suim ag Ó Donnabháin Rosa i gcónaí sa pholaitíocht áitiúil agus náisiúnta, in ainneoin a thaithí. Cé go raibh drogall air baint a bheith aige le páirtí nó eagraíocht pholaitiúil áirithe amháin, ba mhinic a mhol sé iarrthóirí ar leith.

Portráid de Michael J. Dady agus a phróifíl

Bhí moltaí de chuid Uí Dhonnabháin Rosa d’iarrthóirí polaitiúla le feiceáil go minic sa nuachtán, lena n-áirítear an ceann seo do Michael J. Dady (1850-1921) i dtoghchán comhdhála, an 29 Deireadh Fómhair 1892

Nuacht ó Éirinn

Tá leathanaigh iomlána leagtha amach do nuacht ó chontaetha na hÉireann agus ailt faoi imeachtaí polaitiúla in Éirinn agus sa Bhreatain. Agus Ó Donnabháin Rosa ag breathnú ar chúrsaí ó chian, chonacthas meascadh teasaí idir náisiúnachas na hÉireann agus corraí ó thaobh talún de sna 1880idí. Chuaigh tionóntaí i mbun feachtais ar son cíosanna níos fearr nó úinéireacht iomlán a dtalún feirme, rud a chuir tús le deich mbliana stailceanna cíosa, díbeartha agus foréigin.

Are there any ladies willing to become the Florence Nightingales of the Land League?
Fanny Parnell, The United Irishman, 10 Nollaig 1881

I Londain, tosaíodh ag breathnú ar cheist na talún mar chuid de pholasaí náisiúnach Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann de chuid Parnell. Chuir an rialtas achtanna srianta maidir le hathdháileadh talún tríd an bparlaimint, ach mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhreathach gníomhartha coiriúlachta chun corraí agus foréigean a chur faoi chois i gceantair iargúlta, gabhadh go leor daoine (Parnell féin ina measc) agus chuaigh an fhadhb in olcas.

Gearrthán ón nuachtán ag léiriú chlár ainmneacha na dtionóntaí agus a gcíosanna

Tugadh an t-eolas is déanaí maidir le deonú talún ar fud na hÉireann i dtuairiscí don nuachtán

Tháinig cuid mhaith de na scéalta a seoladh chuig The United Irishman ó bhrainsí áitiúla Chonradh na Talún agus Léig Náisiúnta na hÉireann agus rinne siad tuairisciú ar na leibhéil arda díbeartha, gabhálacha agus cásanna cúirte. I gceann amháin de na litreacha a foilsíodh ar an 10 Nollaig 1881, thosaigh Fanny agus Anna Parnell (deirfiúracha le Charles), a raibh cónaí orthu araon sna Stáit Aontaithe, ag earcú ban do Chonradh Talún na mBan in Éirinn. Moladh roinnt critéar d’iarrthóirí ionchais, lena n-áirítear "to have intelligence, physical strength, reliability, and a certain amount of education and refinement, being not too young”, agus dúradh go n-íocfaí na costais go léir as an obair.

Fógra nuachtáin dar teideal "Wanted in Ireland”, leis an bhfotheideal "Miss Parnell's Demand for Irish-American Lady Agitators"

Rinne Rosa an teachtaireacht earcaíochta seo a phriontáil do Chonradh Talún na mBan in 1881

Bhí liostaí póstaí agus básanna in Éirinn le feiceáil go rialta freisin. In éineacht leis na litreacha líonmhara sa nuachtán, tugann siad ainmneacha agus áiteanna cónaithe na gcéadta duine in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe thar thréimhse scór bliain.

Eispéireas na nInimirceach

Tugtar léargas ar eispéireas éagsúil na n-inimirceach ó Éirinn sa nuachtán. Ó am go chéile, bhí teachtaireachtaí ó Éireannaigh a bhí ag lorg daoine muinteartha a d’imigh uatha na blianta roimhe sin. D’iarr teachtaireacht amháin ón 17 Nollaig 1881 ar léitheoirí súil a choinneáil ar lánúin ó Éirinn a fuarthas ag fáil bháis den ocras i seomra ar chúl uimh. 434 ar East Ninth Street.

Dhá litir a foilsíodh i nuachtán ón 19ú haois

Bhí litreacha ó Éireannaigh ag lorg baill teaghlaigh le feiceáil sa nuachtán uaireanta

Ní hionann é seo agus eispéiris shóisialta chomhroinnte na n-inimirceach ó Éirinn ag na féilte líonmhara, na ceolchoirmeacha, na báil agus paráidí na Féile Pádraig. Bhí Ó Donnabháin Rosa agus a bhean chéile Mary Jane i láthair mar aíonna ag go leor de na himeachtaí agus rinne siad roinnt airgid ó léamha agus léachtaí. Ach léiríonn forleithne na n-imeachtaí seo mar a tuairiscíodh agus a cuireadh chun cinn sa pháipéar freisin an nasc láidir sóisialta agus cultúrtha a bhí ann i measc an phobail nua Éireannaigh-Mheiriceánaigh.

Gearrthán ón nuachtán ag cur léamh ar "The Memory of the Dead” chun cinn

Bhí cuntais ar dhaoine agus imeachtaí stairiúla náisiúnacha le feiceáil go minic sna léamha agus léachtaí a chuir na hÉireannaigh Aontaithe chun cinn

Cultúr na hÉireann

Cé go raibh ábhar an nuachtáin an-phearsanta go minic, is féidir an nuachtán a shuíomh laistigh de chomhthéacs na hAthbheochana ag deireadh an 19ú haois. Ba thréimhse í seo inar cuireadh cultúr traidisiúnta Gaelach na hÉireann - ealaín, litríocht, ceol, spórt, srl. – agus an Ghaeilge go mór chun cinn i ndiaidh na gcéadta bliain meatha faoi réimeas na Breataine. Tá filíocht agus bailéid le feiceáil tríd an nuachtán ar fad. Tá cuid acu úrnua, a chum an t-eagarthóir é féin nó scríbhneoirí eile, agus ba mhinic a chuir daoine dánta san áireamh ina litreacha féin. Ghlac Ó Donnabháin Rosa le hiarratais ó dhaoine chun na dánta ab fhearr leo a fhoilsiú freisin.

You ought to advise the Irish to quit writing poetry altogether.
W.G., The United Irishman, 29 Deireadh Fómhair 1881

Bhí an oiread sin dánta sa chéad bhliain d’fhoilsiú an nuachtáin gur scríobh W.G in Houston litir ag rá, cé gur thacaigh sé leis an nuachtán, “would it not be better if you were to cease publishing poetry entirely in its columns?... You ought to advise the Irish to quit writing poetry altogether. I believe it would be more to their credit to have less of it published. A battle-song now and then would do well enough; but nine-tenths of what is now written is balderdash, gush, which is calculated to detract from the character of the race who indulge in it”.

Gearrthán ón nuachtán de dhán dar teideal "The Curse of O'Kelly"

Bhí an-tóir ar 'The Curse of Doneraile’ i measc léitheoirí an nuachtáin

Chuir ‘The United Irishman’ an Ghaeilge chun cinn go minic agus scríobh Ó Donnabháin Rosa (Gaeilgeoir líofa) go luath i saolré an pháipéir gur chúis bhróin dó gan a bheith in ann na litreacha traidisiúnta a úsáid. Ach chríochnaigh sé a phíosa mar seo: “But we don’t love a man according to the sort of clothing he wears, and if we love the Irish language, we will love it in Roman dress as well as its own”.

What a terrible brogue he has
The United Irishman, 31 Márta 1888

D’fhoilsigh Ó Donnabháin Rosa fógraí le haghaidh cumainn Ghaeilge, ranganna, agus foilseacháin chun an teanga a fhoghlaim, chomh maith le hailt ina raibh saothar an scoláire Ghaeilge cháiliúil Seán Ó Donnabháin.

Gearrtháin ón nuachtán ag fógairt leabhair ar díol agus cruinniú de chuid Chumann Carad na Gaeilge i Nua-Eabhrac.

Dhíol Ó Donnabháin Rosa leabhair Ghaeilge go díreach agus chuir sé ranganna Gaeilge chun cinn

Bhí cuntas in eagrán ón 31 Márta 1888 freisin faoi óráid ag dinnéar poiblí ina ndúirt Ó Donnabháin Rosa: “Gaelic was his language, the English was a foreign tongue to him. He had tried hard to learn it, but he had given up for good many years ago the hope of being able to properly express himself in it. He was reminded very forcibly of his failure, one evening coming out of a theatre in Detroit, when he heard a woman remark 'What a terrible brogue he has'".

Aontacht na hÉireann

Tá go leor cosúlachtaí idir ‘The United Irishman’ agus nuachtáin Ghael-Mheiriceánacha eile a bhí ann ag deireadh an 19ú haois. Ba thréimhse í seo nuair a roinneadh nuachtáin teidil agus nuair a roinneadh eagarthóirí agus scríbhneoirí ábhar lena chéile (go hoifigiúil agus go neamhoifigiúil).

Success in all movements, social, national and political, is only attained by union
Jeremiah O’Donovan Rossa, The United Irishman, 29 Deireadh Fómhair 1881

Ach is speisialta an nuachtán é, go simplí mar gheall ar an duine a bhí in Ó Donnabháin Rosa agus an ról a ghlac sé i ngluaiseacht náisiúnach na hÉireann. Bhain Ó Donnabháin Rosa úsáid as a nuachtán chun feachtas foréigneach ar son neamhspleáchas na hÉireann a chur chun cinn. Bhain sé úsáid as an nuachtán freisin chun nasc láidir sóisialta a chothú idir pobail Éireannacha i Meiriceá agus in Éirinn araon ach nuacht, litreacha, póstaí agus básanna a fhoilsiú agus imeachtaí sóisialta Éireannacha a chur chun cinn.

Léiríonn an nuachtán cumasc suntasach de chultúr agus de pholaitíocht. Mar a mhaígh Ó Donnabháin Rosa: “Success in all movements, social, national and political, is only attained by union”. Agus ba chúis aontais é a nuachtán, áit a bhféadadh sé, dar leis, na milliúin Éireannach a raibh cónaí orthu fud fad an domhain a thabhairt le chéile.

Ráiteas ar aidhmeanna na hirise ‘The United Irishman’

An cuspóir a luaigh Ó Donnabháin Rosa lena iris Ghael-Mheiriceánach, an 19 Samhain 1881

Maidir le bailiúcháin dhigiteacha na leabharlainne

Tá digitiú déanta ag Leabharlann an Oireachtais ar an nuachtán ‘The United Irishman’ ina iomláine agus is féidir é a fheiceáil ar https://opac.oireachtas.ie.

Tá clár fairsing á reáchtáil ag Leabharlann an Oireachtais ó bhí 2009 ann chun a bailiúcháin stairiúla a dhigitiú agus tá níos mó ná 12,000 doiciméad ar fáil anois don phobal. Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath é an nuachtán seo. Le hearraí ann ón 16ú haois, is é seo an bailiúchán is mó i measc bhailiúcháin ar fad na leabharlainne agus tá réimse leathan leabhar, paimfléad, tréimhseachán agus ábhar uathúil cartlainne ann a choinnítí in Oifig an Phríomh-rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráth.

Tagairtí

Kenna, S. (2015). Jeremiah O’Donovan Rossa: Unrepentant Fenian. Merrion Press.

Ó Lúing, S. (2016). O’Donovan Rossa: An Irish Revolutionary in America (P. McWilliams, Trans.). Nuascéalta. (Foilsíodh an bunsaothar in 1969)

Barr
Roinn