Is mian liom a rá go soiléir, faoi mar a mhínigh mé don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 51 ar 8 Deireadh Fómhair 1996 uaidh, nár dhiúltaigh mé deontas a chur ar fáil mar chabhair chun oibreacha deisiúcháin a chur i gcrích ag Cé Chill Mhuirbhí.
Tá tuarascáil innealtóireachta agus meastachán costais a fuarthas ó Roinn na Mara i dtaca leis an bpiara ag Cill Mhuirbhí a dheisiú agus a shíneadh mar aon le tuarascáil innealtóireachta a fuarthas ó Chomharchumann Aonghusa Teoranta maidir leis an gcé a fhorbairt á meas ag mo Roinnse i gcónaí. [Fad is atá na féidearthachtaí éagsúla á meas, tá socraithe agam deontas lánchostais de £10,000 a thairiscint do Chomhairle Chontae na Gaiollimhe chun a chumasú don Chomhairle Chontae oibreacha deisiúcháin bunúsacha a chur i gcrích ag an gcé.]