Mar fhreagra ar Cheist Uimh. 12 ar 14 Márta 1996 cuireadh in iúl don Teach nach raibh soláthar i Vóta mo Roinne do 1996 le haghaidh caitheachais ar bhóithre sa Ghaeltacht. Dúradh ag an am go mbreithneofaí an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an bhféadfaí soláthar éigin a chur ar fáil i 1996 chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú nuair a bheadh cúrsaí níos soiléire maidir le caitheachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.
Mar thoradh ar an mbreithniú sin, measadh go gcaithfí ina iomlán, ar thograí a bhí cheadaithe cheana féin, an soláthar méadaithe a bhí ar fáil anuraidh i bhfo-mhírcheann E de Vóta mo Roinne le caitheamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Cuireadh an méid sin in iúl don Teachta mar fhreagra ar Cheist Uimh. 65 ar 8 Deireach Fómhair 1996. Ní raibh airgead fágtha ag deireadh 1996 san fho-mhírcheann sin le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht.
Maidir le caiteachas ar bhóithre sa Ghaeltacht i mbliana tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair i gcomhthéacs chaiteachas mo Roinne ar scéimeanna feabhsúcháin eile sa Ghaeltacht féachaint an mbeidh airgead ar fáil i mbliana le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht.