Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Mícheál Ó Muircheartaigh le haitheasc a thabhairt do Sheanad Éireann mar chuid de Bhliain na Gaeilge

20 Márta 2018, 08:31

Ar scór cuiridh ó Sheanad Éireann, tabharfaidh Mícheál Ó Muircheartaigh aitheasc don Teach Dé Céadaoin, 21 Márta 2018, chun Bliain na Gaeilge a chomóradh.

Faoi nósanna imeachta Sheanad Éireann, féadfar cuireadh a thabhairt do dhaoine den tsochaí phoiblí agus den tsochaí chathartha chun aitheasc a thabhairt don Teach maidir le saincheisteanna sonracha.

Dúirt Cathaoirleach an tSeanaid, Denis O’Donovan: “Is mór an onóir dúinn é gur thoiligh Mícheál Ó Muircheartaigh aitheasc a thabhairt do Sheanad Éireann chun Bliain na Gaeilge a chomóradh ar bliain í chun an Ghaeilge a cheiliúradh. Mar thráchtaire clúiteach agus mar chainteoir Gaeilge, agus saol fada oibre curtha isteach aige, tá sé feiliúnach go ndéanfaidh an Mícheál Ó Muircheartaigh plé ar úsáid na Gaeilge sa phobal, i gcúrsaí spóirt, sna meáin, sna healaíona, i gcúrsaí oideachais agus sa pholaitíocht. Táimid ag tnúth go mór leis an aitheasc uaidh agus le díospóireacht bhreá maidir le cur chun cinn na Gaeilge i ngach réimse den saol in Éirinn.”

Beidh an t-aitheasc ar siúl ar 1pm Dé Céadaoin, 21 Márta 2018, i Seomra an tSeanaid. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

CRÍOCH

 

Barr
Roinn