Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Parlaimint a thacaíonn le daoine a bhfuil uathachas orthu

Táimid ag obair i gcomhar le AsIAm, carthanas náisiúnta uathachais na hÉireann, chun mórionad Theach Laighean a dhéanamh níos feiliúnaí do dhaoine a bhfuil uathachas orthu.

Cuairt a thabhairt ar Theach Laighean

Is cuairteanna réamhphleanáilte iad na cuairteanna uile a thugtar ar Theach Laighean. D’fhéadfadh turais amhail turais scoile nó cruinnithe le Teachtaí Dála, le Seanadóirí nó le foireann na Státseirbhíse a bheith i gceist leis na cuairteanna sin. Lena chois sin, d’fhéadfaí cuairt a thabhairt le linn imeachtaí Tí Oscailte agus Oíche Chultúir, le linn seoltaí tuarascála agus le linn do chonraitheoirí dul i mbun oibreacha.

Sula dtugann tú cuairt

Amharc ar ár bhfíseán réamheolais thuasúsáid ár dtreoracha sula dtugann tú cuairt orainn lena fheiceáil conas a chuirfear fáilte romhat chuig ár bParlaimint náisiúnta. Más maith leat, tig leat na treoracha a phriontáil agus amharc orthu ar ball.

Amharc ar an bhfíseán

Cuairt a thabhairt ar Theach Laighean

Amharc ar an acmhainn áisiúil seo nó déan í a phriontáil

Treoir amhairc

Léiriú amhairc ar chuairt ar Theach Laighean

Tacaíocht céadfaí

Tá tacaíochtaí céadfaí ar fáil againn má bhíonn siad ag teastáil, lena n-áirítear fearas tacaíochta céadfaí. Chomh maith leis sin, tig leat na háiteanna inár gcampas ina ndéantar freastal ar do riachtanais céadfaí a fhiosrú.

Greamáin chumarsáide

Greamáin chumarsáide

Tuigimid gur féidir cásanna sóisialta a bheith deacair do dhaoine a bhfuil uathachas orthu; b'fhéidir nach mbíonn siad ar a suaimhneas ag caint le strainséirí nó b'fhéidir nach mbíonn fonn cainte orthu ag amanna áirithe.

Tá greamáin dhaite cruthaithe againn agus féadann tú iad a chur ort le linn do chuairte chun a chur in iúl gur/nár mhaith leat cumarsáid a dhéanamh. Thig leat iad a chaitheamh chun do rogha modha cumarsáide a thaispeáint freisin. Tá siad le fáil ag na deasca fáiltithe agus is féidir leat iad a iarraidh ar uiséir.

Cad a d’fhéadfá a chloisteáil

Tig leis an bParlaimint a bheith ina háit an-challánach. Cé is moite de thriomadóirí láimhe agus araile, tá cloigíní againn agus d'fhéadfaidís bualadh chun daoine a chur ar an eolas faoi ghnó na parlaiminte. Féadann tú éisteacht leo thíos.

Ba chóir do chuairteoirí aird ar leith a thabhairt ar an rabhadh dóiteáin atá againn fosta; is féidir éisteacht leis thíos freisin.

Cloigíní na Dála

Cloigíní an tSeanaid

Cloigíní Coiste

Na cloigíní uile le chéile

Grianghraf le iSawRed

Fuaim an rabhaidh dóiteáin

Tuilleadh faisnéise

Oifigeach Rochtana

Is é Michael O'Brien ár nOifigeach Rochtana. Má bhíonn cuidiú ar bith a dhíth ort chun cuairt ar Theach Laighean a reáchtáil, cuir ríomhphost chuig an Oifigeach Rochtana nó cuir scairt air/uirthi chun do chuid riachtanas a phlé.

Cártaí aitheantais uathachais agus míchumais

Tá sé de chuspóir againn an strus a bhaint as do chuairt. Aithneoidh foireann an Oireachtais cártaí aitheantais uathachais agus míchumais.

Cairt na hionchuimsitheachta

Tugtar breac-chuntas inár ndoiciméad, Cairt na hIonchuimsitheachta, ar a thiomanta atáimid, agus ar na bearta atá curtha i bhfeidhm againn, chun Parlaimint a thacaíonn le daoine a bhfuil uathachas orthu a dhéanamh de Thithe an Oireachtais.

Beartas maidir le cuairteoirí

Tá sonraithe inár mbeartas maidir le cuairteoirí cad ba cheart duit a bheith ag súil uainn nuair a thugann tú cuairt orainn.

AsIAm

Bhronn AsIAm creidiúnú mar ionad atá oiriúnach don uathachas orainn i mí na Nollag 2023. Leanfaimid orainn de bheith ag obair i gcomhar leis an eagraíocht lena chinntiú go gcuirfear timpeallacht fhisiciúil agus chéadfach mhórionad Theach Laighean chun feabhais ar bhonn leanúnach.

Táimid ag iarraidh feabhsú

Maidir leis na daoine a thugann cuairt ar mhórionad Theach Laighean, ba mhaith linn coinneáil orainn ag feabhsú na seirbhíse a chuirimid ar fáil dóibh.

Má tá moltaí ar bith agat faoin dóigh a bhféadfaí an leathanach gréasáin seo a chur chun feabhais nó más rud é gur thug tú cuairt ar Theach Laighean agus go bhfuil moltaí agat faoin dóigh a bhféadfaí an foirgneamh a fheabhsú faoi choinne daoine a bhfuil uathachas orthu, cuir ríomhphost chugainn mura miste leat.

Barr
Roinn