Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Grinnscrúdú airgeadais de chuid coistí

Tá ról ríthábhachtach ag an bparlaimint maidir le rialtais a thabhairt chun cuntais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar chinntí buiséid agus ar fheidhmíocht. Is ann do cheithre ghealltanas thábhachtacha buiséid i gcaitheamh na bliana. Tig le coistí earnála grinnscrúdú a dhéanamh ó cheann ceann na bliana dá thairbhe.

  1. An tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe (REV) i mí Eanáir/mí Feabhra
  2. Tuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí (PSPR) i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh
  3. An Tuarascáil ar Chaiteachas ag Lár na Bliana i mí Iúil nó i mí Mheán Fómhair
  4. Na Meastacháin Fhorlíontacha i mí Dheireadh Fómhair/mí na Samhna

Maidir leis an bhféilire sin de ghealltanais bhuiséid na gcoistí, ba phríomh-mholadh é i bhfoilseachán an Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, An Tuarascáil Deiridh ar an gcreat le haghaidh rannpháirtíocht pharlaiminte le linn an timthrialla buiséid (Feabhra 2021). Léirítear treoirphlean sa tuarascáil sin maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh coistí parlaiminteacha grinnscrúdú airgeadais agus buiséid níos fearr a dhéanamh.

Tugann an Coiste um Chuntais Phoiblí (PAC) agus an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid faoi ghnéithe eile den ghrinnscrúdú airgeadais, den ghrinnscrúdú réamhbhuiséid agus den ghrinnscrúdú iarbhuiséid.

An ról atá ag coistí maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar Mheastacháin

Na Meastacháin (Ghiorraithe) | Lár mhí Dheireadh Fómhair nó lá an Bhuiséid nó roimhe
Meastacháin Athbhreithnithe | Lár Mhí na Nollag
Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise | Eanáir-Feabhra
Meastacháin Fhorlíontacha | Mí na Samhna go hIondúil

Meastacháin | léargas ginearálta

Is ionann Meastachán, nó Vóta (nó caiteachas vótáilte) mar a thugtar air freisin, agus an méid airgid a bheartaíonn gníomhaireacht nó Roinn Rialtais a chaitheamh i mbliain ar leith. Is é próiseas na Meastachán an modh atá ag Dáil Éireann chun ligean do Ranna féachaint le cistí a aistarraingt as an Státchiste ar mhaithe le freastal ar oibleagáidí caiteachais an Rialtais.

Meastacháin | próiseas

Tíolacadh
Tarchur chuig coiste
Breithniú an Choiste
Téigh ar ais chuig an Dáil agus tuarascáil a thabhairt maidir le breithniú an choiste

Grinnscrúdú airgeadais | Foilseacháin agus acmhainní

Cuireann Tithe an Oireachtais lear acmhainní i gcló ina ndírítear go sonrach ar phróiseas na Meastachán agus ar an bpróiseas buiséadach.

Na Meastacháin a Mhíniú

treoir

Mar chuid den phróiseas grinnscrúdaithe airgeadais, féadfaidh coistí aighneachtaí a fháil ina mbeidh freagraí ar cheisteanna faoi Thuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí agus nithe eile, féadfaidh siad tuarascálacha a chur ar fáil iad féin nó féadfaidh siad dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara eile.

Tuarascálacha chuig coistí maidir le grinnscrúdú airgeadais

Aoine, 16 Feabh 2024

Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure And Reform, And Taoiseach | January 2024

Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure And Reform, And Taoiseach | January 2024 ()

Céad, 8 Samh 2023

Response from Department of Transport to the Joint Committee on Transport and Communications | November 2023

Response from Department of Transport to the Joint Committee on Transport and Communications | November 2023 ()

Máirt, 17 DFómh 2023

Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure and Reform, and Taoiseach | October 2023

Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure and Reform, and Taoiseach | October 2023 ()

Acmhainní breise

D’fhéadfadh coistí eile plé le páirtithe leasmhara freisin agus tuarascálacha a bhaineann leis an mBuiséad a chur i dtoll a chéile.

Barr
Roinn