Foghlaim stair na Parlaiminte in Éirinn, ó aimsir na Normannach aníos go dtí an lá atá inniu ann, agus faigh amach níos mó faoi na foirgnimh, idir shean agus nua.

Foirgnimh

Ní raibh aon Pharlaimint in Éirinn le breis agus 100 bliain faoin am ar tháinig an chéad Dáil le chéile sa bhliain 1919. Bhí láthair suí na Dála ar cheann de na chéad rudaí a bhí le réiteach.

Athchóiriú Theach Laighean

Is foirgneamh Seoirseach é Teach Laighean atá suntasach ó thaobh na staire agus na hailtireachta de. Cé go ndearnadh bainistiú cúramach thar na blianta ar an taobh istigh, teastaíonn obair mhór chaomhnaithe struchtúrach ón teach bunaidh lena chinntiú go gcaomhnófar é do na glúine atá le teacht.

Doiciméid stairiúla

Coimeádann Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais bailiúchán de dhoiciméid stairiúla agus doiciméid arna leagan roimh an Oireachtas. Cuardaigh an chatalóg ar líne nó brabhsáil na taispeántais ar líne de dhoiciméid roghnaithe.

Stair na Parlaiminte in Éirinn

Reáchtáladh an chéad chruinniú de Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919. Ach bhí parlaimintí, de chineálacha éagsúla, mar chuid de shaol na hÉireann ón 13ú haois go dtí 1801.