Tá dlíthe nua a dhéanamh ar cheann de phríomhthascanna an Oireachtais. Tugtar Bille ar dhréacht de dhlí nua a bheartaítear. A luaithe a dhéanann an tUachtarán Bille a shíniú ina dhlí, déanfar Acht de agus cuirfear leis an Leabhar Reachtanna é. Ritheann an tOireachtas thart ar 40 Acht gach bliain.

Cé gurb é an Rialtas a thionscnaíonn Billí i bhformhór cásanna, féadfaidh páirtithe de chuid an Fhreasúra agus Seanadóirí Billí a thabhairt isteach freisin. Eisceachtaí ina leith sin is ea Billí airgid agus Billí lena leasófar an Bunreacht. Is é an Dáil amháin a fhéadfaidh Billí den sórt sin a thionscnamh.

Sula bhféadfar Bille a achtú, ní mór don Dáil agus don Seanad araon é a rith. Chun go rithfear é, ní mór Bille a chur faoi réir roinnt Céimeanna uathúla sa dá Theach.

Más Aire nó Teachta Dála é an duine a thionscnaíonn an Bille, pléifear é sa Dáil ar dtús. Má ritheann an Dáil an Bille, pléifear é sa Seanad ansin. Más Seanadóir é an duine a thionscnaíonn an Bille, pléifear é sa Seanad ar dtús. Pléifear é sa Dáil ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh an tUachtarán Bille a shíniú ina dhlí ach amháin tar éis don dá Theach é a rith.

Má dhéanann an Dáil Bille a rith, féadfaidh an Seanad moill a chur ar a dhul isteach sa dlí. Ní fhéadfaidh an Seanad é a stopadh, áfach. Más rud é, mar shampla, go ndiúltaíonn an Seanad do Bhille nó go ndéanann sé leasuithe ar an mBille agus nach nglacann an Dáil leis na leasuithe sin, titfidh an Bille ar lár tar éis tréimhse 180 lá. Mar sin féin, tá sé de chumhacht ag an Dáil rún a rith laistigh den tréimhse 180 lá sin, rud lena ndearbhófar go meastar an Bille a bheith rite ag an dá Theach.

Cuireann an Rialtas a bhuiséad bliantúil chun feidhme trí Bhille Airgeadais agus Bille Leasa Shóisialaigh a thabhairt isteach agus a achtú gach bliain.

Más mian leis an Rialtas dlí atá ann cheana a aisghairm nó a athrú, déanfaidh sé amhlaidh trí Acht nua a chruthú. Mar shampla, rinneadh roinnt dlíthe a aisghairm le hAcht na Leanaí, 2001, lena n-áirítear an Children Act, 1908. Chomh maith leis sin, leasaíodh Acht na Leanaí, 2001, le hAcht na Leanaí (Leasú), 2015, chun scoileanna coinneála leanaí a chónascadh.

D’fhéadfadh gur ghá don Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach freisin chun dlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) nó breitheanna ó na cúirteanna Eorpacha a achtú. Mar shampla, ritheadh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) (Leasú), 2013, chun an Treoir maidir le Gáinneáil ó AE a chur chun feidhme.

An próiseas reachtach

Roimh fhoilsiú an Bhille

Is gnách go gcuirtear próiseas comhairliúcháin ar siúl sula bhfoilseoidh an Rialtas Bille.

D’fhéadfadh go bhfoilseodh an Roinn iomchuí Páipéar Uaine ina leagtar amach smaointe an Rialtais agus ina lorgaítear tuairimí ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí. Mar shampla, seoladh an Páipéar Uaine maidir le Beartas Fuinnimh in Éirinn i mí na Bealtaine 2014 agus rinneadh 1,200 aighneacht ina leith le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Sula dtabharfar Bille chun críche, d’fhéadfadh go bhfoilseofaí scéim ghinearálta an Bhille. Tugtar ceannteidil an Bhille ar an scéim sin go minic.

D’fhéadfadh go dtabharfadh an coiste Oireachtais iomchuí cuireadh do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa scrúdú réamhreachtach ar dhlí nua trí fhreastal ar chruinnithe coiste chun ceannteidil an Bhille a phlé. Le linn an ghrinnscrúdaithe réamhreachtaigh ar an mBille Uchtála (Faisnéis agus Lorgaireacht), 2015, mar shampla, chuala an Comhchoiste Oireachtais um Shláinte agus Leanaí ó thuismitheoirí uchtála, máithreacha fola, tuismitheoirí fola, tuismitheoirí altrama agus gníomhaireachtaí uchtála.

Rith an Bhille trí Thithe an Oireachtais

An Chéad Chéim

Tionscnaítear an Bille.

Féadfar formhór na mBillí a thionscnamh sa Dáil agus sa Seanad araon. Mar sin féin, ní mór Billí airgid agus Billí lena leasófar an Bunreacht a thionscnamh sa Dáil. Mar an gcéanna, ní fhéadfar Billí príobháideacha a thionscnamh ach amháin sa Seanad.

Tá dhá bhealach ann ina bhféadfaidh Comhaltaí Bille a thionscnamh. Féadfaidh siad Bille a thíolacadh don Teach gan réamhchead a fháil ón Teach nó féadfaidh siad iarraidh ar an Teach cead a thabhairt chun an Bille a thabhairt isteach.

Nuair a thíolactar Bille, is amhlaidh, ar an gcoinníoll go gcloíonn sé le Buan-Orduithe, go gcuirtear é go huathoibríoch le Riar na hOibre. Cuirtear an Bille ar aghaidh chuig an Dara Céim ansin.

Nuair a iarrann Comhalta cead chun Bille a thabhairt isteach, féadfaidh an Teach cead a thabhairt nó diúltú do chead a thabhairt. Má thugtar cead, cuirfear an Bille le Riar na hOibre agus cuirfear é ar aghaidh chuig an Dara Céim.

Sa Dáil, féadfaidh an Rialtas Billí a thíolacadh. Féadfaidh Teachtaí eile Billí a thíolacadh freisin. Mar sin féin, ní mór dóibh déanamh amhlaidh mar ghrúpa a chuimsíonn seachtar Teachtaí nó níos mó agus ní fhéadfaidh gach grúpa ach Bille amháin a thíolacadh ag aon am amháin. Sa Seanad, féadfaidh Treoraí an tSeanaid Bille a thíolacadh thar ceann an Rialtais. Féadfaidh grúpaí a chuimsíonn cúigear Seanadóirí nó níos mó trí Bhille ar a mhéad a thíolacadh ag aon am amháin freisin.

Sa Dáil, féadfaidh aon Chomhalta cead a iarraidh chun Bille a thabhairt isteach. Sa Seanad, beidh triúr Seanadóirí ag teastáil chun Bille a thabhairt isteach. Níl aon teorainn leis an líon Billí a bhféadfaidh Comhalta cead a iarraidh ina leith.

An Dara Céim

Déantar plé ar phríomhphrionsabail an Bhille.

Leithdháiltear méid teoranta ama ar Chomhaltaí chun ráiteas a dhéanamh ar an dlí a chruthófaí leis an mBille. Féadfaidh siad forálacha eile a mholadh freisin ar mhaith leo iad a fheiceáil sa Bhille.

Ag deireadh an Dara Céim, féadfaidh an Teach a roghnú an Bille a cheadú chun dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste nó gan an Bille a cheadú. Féadfaidh Comhalta vótáil a éileamh ar an gceist ach an focal “Vótáil” a rá.

An Tríú Céim – Céim an Choiste

Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air.

Le linn Chéim an Choiste, déantar mionscrúdú ar gach alt den Bhille agus tugtar deis don Rialtas agus do Chomhaltaí an Fhreasúra athruithe a dhéanamh ar an téacs. Is gnách gur i bhfoirm roghchoiste Oireachtais a reáchtáiltear Céim an Choiste sa Dáil.

Tar éis gach alt den Bhille a chomhaontú, cuirfear an Bille síos le haghaidh Chéim na Tuarascála.

Roimh Chéim an Choiste, féadfaidh Comhaltaí ar mian leo Bille a athrú leasuithe a chur síos. Foilsítear liosta de na leasuithe ansin. Le linn na díospóireachta ag Céim an Choiste, glaoitear ar Chomhaltaí gach leasú a thairiscint agus é a phlé leis an Aire.

Toisc nach bhfuil aon teorainn leis an líon uaireanta a fhéadfaidh Comhalta labhairt faoi leasú, bíonn Céim an Choiste an-fhada ó am go ham. Déarfaidh an tAire ansin cé acu a ghlacann nó nach nglacann sé leis an leasú. Mura n-aontaíonn Comhalta leis an gcinneadh ón Aire maidir le leasú, féadfaidh sé vótáil a éileamh ach an focal “Vótáil” a rá.

An Ceathrú Céim – Céim na Tuarascála

Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste.

Is ionann Céim na Tuarascála agus an deis deiridh atá ag Comhaltaí leasuithe a dhéanamh ar théacs Bille. Ní fhéadfaidh Comhaltaí aon leasuithe nua a thabhairt ar aghaidh le linn Chéim na Tuarascála. Ní phléifidh siad ach leis na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste. Murab ionann agus Céim an Choiste, ní fhéadfaidh Comhaltaí labhairt ach dhá uair faoi gach leasú. Beidh an dara rannchuidiú uathu teoranta do thréimhse dhá nóiméad.

Tar éis dóibh plé leis na leasuithe uile, faightear an Bille lena bhreithniú deiridh. Cé go bhféadfar an Cúigiú Céim a sceidealú le haghaidh lá eile, is gnách go dtosaítear í díreach tar éis an Ceathrú Céim.

Más mian leis an Rialtas leasuithe nua a thabhairt isteach le linn Chéim na Tuarascála, féadfaidh sé déanamh amhlaidh ach an Bille a chur faoi athchúrsa. Is é atá i gceist leis sin go seolfar an Bille ar ais chuig Céim an Choiste chun leasú aonair a bhreithniú.

An Cúigiú Céim – An Chéim Dheiridh

Ritheann an Teach an Bille.

Is minic a chuirtear an Cúigiú Céim ar siúl díreach tar éis Chéim na Tuarascála. Ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos agus ní gnách go ndéantar aon mhionphlé ar an mBille lena linn. Ina ionad sin, is gnách go ndéanann Comhaltaí ráitis ghearra maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh an Bille ina dhlí fónta. Comhaontaíonn an Teach an Bille a rith ansin. Féadfaidh Comhalta vótáil a éileamh ach an focal “Vótáil” a rá.

Más amhlaidh nár rith an Teach eile an Bille cheana féin, cuirfear an Bille síos don Dara Céim sa Teach sin. Ní mór an Bille a chur trí na Céimeanna ina dhiaidh sin freisin. Más amhlaidh gur rith an Teach eile an Bille, beidh an Bille réidh lena achtú.

Má dhéanann an Seanad leasuithe ar Bhille a tionscnaíodh sa Dáil, seolfar na leasuithe ar ais chuig an Dáil lena mbreithniú ag Céim an Choiste. Féadfaidh an Dáil glacadh leis na leasuithe nó diúltú dóibh. Féadfaidh sí leasuithe breise a dhéanamh ag Céim na Tuarascála freisin.

Achtú

Is é an tUachtarán a shíníonn an Bille ina dhlí.

Tar éis don Dáil agus don Seanad Bille a rith, síneoidh an tUachtarán an Bille ina dhlí. Déanfar Acht de agus cuirfear leis an Leabhar Reachtanna é ansin.

Tagann Achtanna áirithe i bhfeidhm láithreach. I gcásanna eile, tosaíonn an tAire iomchuí tráth níos déanaí iad.

I gcúinsí annamha áirithe, tá sé de chumhacht ag an Uachtarán diúltú dá lámh a chur le Bille. Rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sula ndéanfaidh sé cinneadh den sórt sin.

Ní mór gach dlí a bheith ag teacht leis an mBunreacht. Féadfaidh an tUachtarán Bille a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí chun breithiúnas a fháil uaithi maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an Bille i gcomhréir leis an mBunreacht. Má chinneann an Chúirt Uachtarach nach bhfuil an Bille, nó aon chuid de, i gcomhréir leis an mBunreacht, diúltóidh an tUachtarán dá lámh a chur le Bille agus ní achtófar é dá bharr sin.

Féadfaidh Comhaltaí den Dáil agus den Seanad achainí a chur chun an Uachtaráin, á iarraidh air diúltú dá lámh a chur le Bille toisc togra a bheith ann lena mbaineann an oiread sin tábhachta náisiúnta sin gur chóir breith an phobail a fháil air. Má chuireann tromlach de na Comhaltaí sa Seanad agus aon trian ar a laghad de na Comhaltaí sa Dáil achainí chun an Uachtaráin, á iarraidh air diúltú dá lámh a chur le Bille, féadfaidh an tUachtarán aontú leis an iarraidh. Diúltóidh an tUachtarán dá lámh a chur leis an mBille ansin go dtí go gceadóidh an pobal an togra i reifreann nó go dtí go gceadóidh Dáil nua é tar éis olltoghcháin.

An Bunreacht

Is sa Bhunreacht a leagtar bundlíthe na hÉireann amach agus a chuirtear síos ar an dóigh ar cheart an tír a rialú, ar phríomhinstitiúidí an Stáit agus ar na cearta agus na saoirsí bunúsacha atá ag saoránaigh. Ní mór gach píosa reachtaíochta a bheith ag teacht le Bunreacht na hÉireann.

Más mian leis an Rialtas an Bunreacht a athrú, ní mór dó reifreann a reáchtáil lena dtabharfar deis don phobal vótáil i bhfabhar an athraithe atá beartaithe nó ina aghaidh.

Sula reáchtálfar reifreann, ní mór don Rialtas togra a thabhairt isteach sa Dáil chun an Bunreacht a leasú. Is i bhfoirm Bille a chuirfear an togra sin i láthair. Ní mór don Dáil agus don Seanad araon an Bille sin a rith. Is ansin amháin a fhéadfar reifreann a reáchtáil ar an ábhar.

Más i bhfabhar an athraithe atá formhór na vótaí a caitheadh sa reifreann, achtófar an Bille agus leasófar an Bunreacht. Mar shampla, ba mar thoradh ar an reifreann ar chomhionannas pósta sa bhliain 2015 a achtaíodh an tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015.

Reachtaíocht thánaisteach

Reachtaíocht phríomhúil na hÉireann is ea na hAchtanna arna rith ag an Oireachtas. Tá catagóir eile dlíthe ann freisin. Tugtar reachtaíocht thánaisteach nó ionstraimí reachtúla ar na dlíthe sin.

Ní hé an tOireachtas a achtaíonn ionstraimí reachtúla. Tarmligtear an chumhacht chun iad a achtú chuig daoine nó comhlachtaí áirithe, lena n-áirítear Airí den Rialtas, údaráis áitiúla agus comhlachtaí rialála.

Ní mór reachtaíocht thánaisteach a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht arna glacadh ag an Oireachtas. Ní mór í a bheith bunaithe ar an reachtaíocht sin freisin. Murab amhlaidh atá, féadfaidh na cúirteanna an reachtaíocht thánaisteach a chur ar ceal.

Tugtar ionstraimí reachtúla isteach i bhfoirm orduithe ón aire, rialachán, rialacha, fodhlíthe agus scéimeanna. Eisítear na céadta díobh gach bliain.

Foráiltear le hAchtanna áirithe go bhféadfaidh Aire a chinneadh cén uair a thabharfar i bhfeidhm iad. Mar shampla, tugtar leis an Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016, de chumhacht don Aire Coimirce Sóisialaí an tAcht a thabhairt i bhfeidhm. Rinne an tAire amhlaidh trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 435 de 2016 a achtú. Tugtar an tOrdú fán Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 (Tosach Feidhme), 2016, ar an Ionstraim sin.

Tugtar le hAcht na gComhphobal Eorpach, 1972, de chumhacht d’Airí rialacháin a dhéanamh ar mhaithe le conarthaí agus treoracha Eorpacha a chur chun feidhme. Mar shampla, thug an tAire Sláinte éifeacht do Threoir 2014/40/AE – an Treoir Eorpach um Tháirgí Tobac, 2014 – trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 271 de 2016 a achtú. Tugtar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol), 2016, ar an Ionstraim sin.

Is le hAcht a fhéadtar cumhachtaí a tharmligean chuig Aire den Rialtas chun reachtaíocht a rith ar mhaithe le freastal ar ábhair laethúla a thagann as an Acht. Mar shampla, tugtar leis an Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013, de chumhacht don Aire Talmhaíochta agus Bia rialacháin áirithe um shláinte agus leas ainmhithe a achtú. Bhain an tAire leas as an gcumhacht sin chun rialacháin um micrishliseadh madraí a thabhairt isteach. Achtaíodh na rialacháin sin trí bhíthin Ionstraim Reachtúil Uimh. 63 de 2015.

De bhua an Achta Rialtais Áitiúil, 1994, tugtar de chumhacht d’údaráis áitiúla fodhlíthe a dhéanamh i leith aon ní a thagann faoina sainchúram. Mar shampla, bhain Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leas as an gcumhacht sin chun na Fodhlíthe Páirceanna, 2003, a achtú.