Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeilge á húsáid chun cur síos a dhéanamh ar thionchar an chogaidh ar shaol na ndaoine

27 Apr 2023, 10.00

Íomhá de cheann agus de ghuaillí Nadia Dobrianska, a tógadh le linn na léachta faoin gcaoi a bhfuil an cogadh san Úcráin ag imirt tionchair ar shaol na ndaoine

Agus lánúsáid á baint aici as teanga a dídine, thug Nadia Dobrianska, dídeanaí ón Úcráin atá i mbun staidéir ar stair na hÉireann, cuntas fíorphearsanta ar an dóigh a bhfuil saol na nÚcránach iompaithe bunoscionn de thairbhe na coimhlinte san Úcráin.

Agus í ina suí le taobh an Leas-Chinn Comhairle, an Teachta Catherine Connolly, thug Iníon Dobrianska, mac léinn dochtúireachta i stair na hÉireann i gColáiste na hOllscoile, Londain, breac-chuntas ar a cúlra san Úcráin agus ar an gcaoi ar chuir sí spéis sa Ghaeilge.

Bhí an leas-cheann misin ó Ambasáid na hÚcráine, an tUasal Dmytro Shchedrin agus go leor eile nach iad, i láthair ag an léacht. Labhair Iníon Dobrianska freisin faoina saol agus faoina cuid oibre san ionad um chearta an duine, ZMINA, i gCív, áit ar oibrigh sí go dtí go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022.

Rinne Iníon Dobrianska cur síos ar leith ar anchaoi na ndaoine a bhí fuadaithe ag arm na Rúise i gcríocha gafa, ar na fáthanna ar fuadaíodh iad agus ar a bhféadfadh a bheith i ndán dóibh. D’áitigh sí go gcaithfidh an Úcráin cuidiú a fháil ó thíortha eile lena chinntiú go scaoilfidh an Rúis cimí saor agus go bhfaighfear ceartas ar a son.

Barr
Roinn