Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Faigh léargas úr ar Theach Laighean le linn Oíche Chultúir 2023

4 Sep 2023, 11.00

Grianghraf d’aghaidh Theach Laighean arna rindreáil trí scagaire d’fhonn an chuma a chur air gur tarraingíodh de láimh le dathanna pastail é

na ticéid ar fad le haghaidh cuairteanna ar Theach Laighean mar chuid d’Oíche Chultúir, an t-imeacht uile-oileáin bliantúil ina ndéantar ceiliúradh ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar an bhfiosrú, tugtha amach anois.

Féach ar a bhfuil laistigh de cheannáras Pharlaimint na hÉireann

Mar chuid den 18ú hOíche Chultúir, féadann cuairteoirí dul ar chamchuairteanna treoraithe thart ar Theach Laighean, ceann de sheoda na ré Seoirsí i mBaile Átha Cliath, agus na codanna de Sheomraí na Dála agus an tSeanaid nach bhfeictear rómhinic a fheiceáil dóibh féin.

Beidh tréan spraoi, oidhreachta agus pobail againn an oíche speisialta seo agus beidh rud éigin ann do gach duine, idir óg agus aosta.

  • Tá saorchead isteach chuig Oíche Chultúir i dTeach Laighean ach ní mór ticéid a chur in áirithe roimh ré le haghaidh camchuairteanna a dhéanfar i mBéarla nó i nGaeilge. **Nuashonrú, an 11 Meán Fómhair – táthar tar éis na ticéid ar fad a dháileadh anois**
  • Is trí bhealach isteach Shráid Chill Dara amháin a bheifear in ann Teach Laighean a bhaint amach Oíche Chultúir.
  • Féadfar ateangaireacht i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann a fháil sna camchuairteanna uile ar Theach Laighean.

 

Grianghraf ag amharc anuas ar Sheomra na Dála arna rindreáil trí scagaire d’fhonn an chuma a chur air gur péinteáladh de réir stíl osréalaíoch áirithe é

Faigh léargas úr ar Theach Laighean agus ar a bhfuil laistigh de le linn Oíche Chultúir 2023

Maidir le Teach Laighean

Is é Teach Laighean suíomh Thithe an Oireachtais (parlaimint náisiúnta na hÉireann), mar atá, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Thóg Iarla Chill Dara, James FitzGerald, Teach Laighean i lár an 18ú haois. Cheannaigh Stát na hÉireann Teach Laighean sa bhliain 1924 chun áras a thabhairt do Dháil agus do Sheanad an Stáit nua. Sa lá atá inniu ann, tá Teach Laighean i lár mórláthair foirgneamh a dhéanann freastal ar ghnó na parlaiminte, ar ionadaithe poiblí agus ar an bhfoireann.

Barr
Roinn