Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Mar chuid d’imeacht uathúil, óstálfar gnóthaí de chuid an Oireachtais ar Árainn Mhór.

18 Sep 2023, 12.30

Árainn Mhór | Grianghraf © Kenneth Allen (cc-by-sa/2.0)

Ar an 22 Meán Fómhair, is ar an oileán a reáchtálfar suí oifigiúil den Choiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin.

Más mian leat freastal ar an imeacht seo, tá fearadh na fáilte romhat ríomhphost a chur chuig an gcoiste. Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go mbeadh teorainn le líon na n-áiteanna ag ionad an chruinnithe.

Léiríonn an cruinniú, an chéad uair a reáchtálfar gnó oifigiúil de chuid an Oireachtais ar oileán amach ón gcósta, an tábhacht atá le gach duine de mhuintir na hÉireann a dhéanamh rannpháirteach sa phróiseas daonlathach.

Tá an Coiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin, arb é an Teachta Denis Naughten a gCathaoirleach, freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar obair na Roinne Coimirce Sóisialaí agus na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ar a gcuid gníomhaireachtaí faoi seach. Tá de shainchúram orthu freisin breithniú a dhéanamh ar cheisteanna ábhartha a bhaineann le hoileáin amach ó chósta na hÉireann, pobal uathúil tábhachtach tuaithe as féin.

Rinneadh cruinnithe Coiste a reáchtáil lasmuigh de Theach Laighean roimhe seo, go sonrach, mar chuid de shraith de dhíospóireachtaí a reáchtáladh sular vótáil Éire ar cé acu a ghlacfaí nó nach nglacfaí le Conradh Liospóin, ach fágann dul chun cinn ó thaobh bonneagar teileachumarsáide de go mbeifear in ann imeachtaí a reáchtáil agus a shruthú beo ó oileán amach ón gcósta den chéad uair riamh, as Árainn Mhór.

Ag labhairt dó faoin imeacht seo, nár tharla a leithéid riamh roimhe seo, dúirt an Teachta Naughten go léiríonn an beochraoladh seo de ghnó an Oireachtais agus é á reáchtáil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath den chéad uair riamh “an acmhainneacht ollmhór a bhaineann le leathanbhanda agus leis an teicneolaíocht i dtaca le hoibríochtaí Theach Laighean a thabhairt caol díreach chuig na daoine fud fad na tíre”. Thrácht sé freisin ar a uathúla agus a dhearfaí atá sé go bhfuiltear ag cur tús le tionscnamh náisiúnta, den chéad uair riamh, ar oileán amach ón gcósta seachas cearn éigin eile den tír.

Clúdóidh cruinniú an Choiste trí shnáithe:

Beidh cruinniú an Choiste ar Árainn Mhór ann ar an lá céanna le hOíche Chultúir 2023, nuair a osclófar doirse Theach Laighean go ligfear do dhaoine blaiseadh a fháil ar na codanna sin de Theach Laighean nach bhfeictear go rómhinic agus ar an stair iomráiteach atá ag a dteach Parlaiminte. Mar aon leis an suí ar Árainn Mhór, is léiriú é seo gurb é gnó na Parlaiminte, seachas an áit a ndéantar é, is barrthábhachtaí, mar aon leis na daoine atá bainteach leis an bpróiseas sin agus a thábhachtaí atá sé an daonlathas a fheiceáil á fheidhmiú.

Barr
Roinn