Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tagann Seomra na Dála agus an seomra ranga le chéile sa chlár “Ceann go Ceann”

1 Dec 2023, 14.00

Lógónna “Ceann go Ceann” agus Thithe an Oireachtais ar chúlra bán

Déanfaidh an Teachta Seán Ó Fearghaíl topaicí éagsúla a phlé le daltaí meánscoile mar chuid den tsraith “Ceann go Ceann”. A bhuíochas leis an tsraith seo, tig leis an aos óg agus an Ceann Comhairle labhairt lena chéile go macánta.

Bíonn plé ar líne i gceist le “Ceann go Ceann”, is é sin, plé idir an Ceann Comhairle agus daltaí OSSP agus daltaí na Polaitíochta agus na Sochaí ó sheomraí ranga timpeall na tíre. Beidh faill ag na daltaí, le linn an ghlao, ceisteanna polaitíochta den uile chineál a chur ar an gCeann Comhairle, lena n-áirítear an ról atá aige mar Chathaoirleach Dháil Éireann. Beifear ábalta dul i mbun plé níos fadréimsí fosta.

[image src="/assets/C2C1.jpg" id="34949" height="521" class="center ss-htmleditorfield-file image" title="An Ceann Comhairle ag glacadh páirte in “Ceann go Ceann”" alt="An Ceann Comhairle ag glacadh páirte in “Ceann go Ceann”""]

An Ceann Comhairle ag glacadh páirte in Ceann go Ceann

Tá taithí saoil luachmhar ag an dream óg agus is sampla é “Ceann go Ceann” den chineál oibre atá ar bun i Seirbhís Thithe an Oireachtais chun caidreamh a bhunú leis na daoine sin a mbeidh tionchar acu ar an tír seo againne amach anseo. Tig leis an bpolaitíocht athrú go héasca agus go gasta, agus rachaidh plé comhoibríoch agus rannpháirtíocht i bhfóraim den chineál seo chun leasa do gach duine lena mbaineann.

Más suim leat foghlaim faoi pharlaimint na hÉireann nó an méid sin a theagasc, tá tuilleadh acmhainní oideachais, lena n-áirítear pleananna ceachta, le fáil ar ár suíomh.

Beidh an glao ar bun Déardaoin, an 30 Samhain ar 2.45 p.m. Cuir scairt ar Conor Reale, oifigeach oideachais an Oireachtais, más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoi “Ceann go Ceann” nó más spéis leat clárú le haghaidh an ghlao. Féadfar topaic ar bith a chlúdach ach d’fhéadfadh sé a bheith cuidiúil liosta de cheisteanna féideartha a chur isteach.

Barr
Roinn